Rath ar Sheachtain na Gaeilge 2016 in Ollscoil Mhá Nuad

Thursday, April 28, 2016 - 12:30

Chuir Ollscoil Mhá Nuad tús le Seachtain na Gaeilge ar an Luan 7ú Márta  i bhforhalla na leabharlainne. Sheol Eimear Ní Dhroighneáin, Oifigeach Gaeilge na hOllscoile, an ócáid in éineacht le Brenda Ní Ghairbhí, ionadaí Sheachtain na Gaeilge. Sheinn cumann ceoil traidisiúnta na hollscoile agus chuir daltaí ó Phobalscoil Mhá Nuad ceol agus damhsa ar fáil freisin.

Bhí aifreann álainn in Aireagal Naomh Seosamh Dé Máirt leis an Athair Noel O’Sullivan. Ghlac na mic léinn páirt sa léitheoireacht agus chan siad cúpla amhrán. Chomh maith leis an Aifreann, bhí léacht ón Ollamh Ruairí Ó hUiginn ar scéalta Béaloidis.

Ar an gCéadaoin, bhí léacht ar an údar Flann O’Brien agus tháinig triúr chun cainte; Breandán Ó Conaire, Ian Ó Caoimh agus Siún Ní Dhuinn. Rinne an ollscoil céiliúradh ar 50 bliain bhás Uí Nualláin chomh maith leis an 75 bliain ó scríobh sé an a leabhar An Béal Bocht. D’fhreastail idir mhic léinn agus bhaill foirne ar an ócáid speisialta seo.

Déardaoin, bhí an roinn ceoil ag céiliúradh Sheachtain na Gaeilge le hOifig na Gaeilge i Halla Riverstown. D’eagraigh an roinn ceoil siompóisiam traidisiúnta chun céiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge agus pósadh a dhéanamh idir na ranna éagsúla. Cuireadh tús le taispéantas iontach ar Dhomhnall Ua Buachalla sa leabharlann tráthnóna freisin.

Seachtain na Gaeilge 2016, Ollscoil Mhá Nuad