Rath ar Léachtaí Cholm Cille XLVIII i nDaingean Uí Chúis

Friday, May 26, 2017 - 12:15

Deireadh seachtaine den scoth a bhí ann i nDaingean Uí Chúis ag Léachtaí Cholm Cille XLVIII ar an 21 & 22 Aibreán. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch an deireadh seachtaine ar fad, agus ceiliúradh agus comóradh á dhéanamh ar fhear uasal a d’imigh ar shlí na fírinne i mí Iúil na bliana seo caite, An Moinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta.

Bhí idir mhuintir Chorca Dhuibhne agus lucht na hOllscolaíochta i láthair agus léachtaí bríomhara á dtabhairt ar Oidhreacht Uí Fhiannachta. Toisc an spéis ollmhór áitiúil san ábhar, bheartaigh Raidió na Gaeltachta na cainteanna a thaifeadadh, taifeadadh a chuirfear ar fáil amach anseo i bhfoirm sraithe ar an stáisiún.

Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil le mo chomhghleacaithe anseo i Scoil an Léinn Cheiltigh, le m’iar-chomhghleacaí, Tadhg Ó Dúshláine, agus le muintir an Dísirt sa Daingean a chuir fearadh na fáilte romhainn.
 
Ghabh príomheagraí na comhdhála, an Dr Tracey Ní Mhaonaigh, buíochas ó chroí lena comhghleacaithe i Scoil an Léinn Cheiltigh, agus lena hiar-chomhghleacaí, Tadhg Ó Dúshláine, agus le muintir an Dísirt sa Daingean a chuir fearadh na fáilte rompu.