Rath ar Ghaeilgeoir Mhá Nuad i dToghchán Náisiúnta

Clíodhna Duffy le feiscint ar dheis tar éis di bheith tofa mar Leas-Uachtarán don Ghaeilge le hAontas Náisiúnta na Mac Léinn ag a gcomhdháil bhliantúil i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo. Sa phictiúr leí tá Aoife Deasy, Leas-Uachtarán don Ghaeilge na bliana acadúla seo agus Aodhán Ó Deá ó Chonradh na Gaeilge.
Monday, April 15, 2019 - 13:45

Tá ríméad ar mhac léinn Máistreachta le Roinn na Nua-Ghaeilge, Clíodhna Duffy, tar éis di bheith tofa mar Leas-Uachtarán don Ghaeilge le hAontas Náisiúnta na Mac Léinn le déanaí. Is ag Comhdháil an Aontais i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo ag tús Mhí Aibreáin a toghadh Clíodhna don phost bliana agus glacfaidh sí seilbh ar an ról fíor-thábhachtach seo do Ghaeilgeoirí ar an tríú leibhéal ar an gcéad lá de Mhí Iúil tar éis do Leas-Uachtarán na bliana acadúla seo, Aoife Deasy, bogadh ar aghaidh.

As Droim Ing i gContae Lú ó dhúchas, tá Clíodhna ag tabhairt faoin Máistreacht sa Nua-Ghaeilge faoi láthair tar éis di céim a bhaint amach in Ollscoil Mhá Nuad sa Nua-Ghaeilge agus sna Meáin. Is é ábhar a tráchtais ná an caidreamh idir na meáin shóisialta agus cur chun cinn na Gaeilge, ag díriú ach go háirithe ar ghluaiseachtaí iomráiteachta ar nós an Pop-Up Gaeltacht. Is Oifigeach na n-Iarchéimithe ar choiste feidhmiúcháin Chuallacht Cholmcille í Clíodhna i mbliana agus ní ise an t-aon duine amháin ón gcoiste úd a raibh rath orthu i dtoghchán le déanaí.

Toghadh Ciarán Watts, Cisteoir na Cuallachta, mar Leas-Uachtarán don Leas agus Ruairí Weiner, Oifigeach Caidrimh Phoiblí na Cuallachta, mar Oifigeach na Gaeilge agus Gnóthaí Cultúrtha ar Aontas na Mac Léinn anseo in Ollscoil Mhá Nuad don bhliain acadúil seo chugainn.