Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge don Bhliain 2020

An Dr Liam Mac Amhlaigh, eagarthóir, leis an bhfile Derry O'Sullivan ag seoladh na bPortráidí roimh an Nollaig.
Friday, January 17, 2020 - 12:00

Fógraíodh an chéad ghrúpa nua phortráidí eile – Liosta 2020 – i gCéim 2 den togra Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge (portraidi.ie) roimh an Nollaig. Tionscadal eiseamláireach is ea é a dhéanann an Scríbhneoir Gaeilge a chomóradh agus a thugann ábhar grianghrafadóireachta den scoth i láthair an phobail. Sa chéad chéim den tionscadal cuireadh an leabhar agus an láithreán ar fáil bunaithe ar an gcartlann reatha phortráidí digiteacha. Sa dara céim seo den tionscadal, cuirtear portráidí dá bhfuil ann de scríbhneoirí eile na Gaeilge sna seánraí éagsúla leis an gcartlann seo go bliantúil chun an chartlann a iomlánú thar am. Cuirtear sraith nua d'ocht bportráidí nua/ochtar scríbhneoirí leis an mbunachar in aghaidh na bliana agus is iad Áine Durkin, Áine Uí Fhoghlú, Declan Collinge, Gary Hastings, Jackie Mac Donncha, Máirín Ní Dhonnchadha, Pádraigín Ní Uallacháin, agus Seán Ó Coileáin, liosta 2020. Iarléachtóir de chuid Ollscoil Mhá Nuad é Declan Collinge, file agus scríbhneoir aistí, agus beidh torthaí na hoibre seo le cur i mbéal an phobail i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo.
 
Anuas air seo, tá socruithe á chur i dtoll a chéile ábhar an bhailiúcháin a bhuanstóráil i leabharlann dhigiteach Ollscoil Mhá Nuad; go gcaomhnófaí go síoraí slán é. Ar ndóigh, is iomaí nasc a bhaineann le hOMN agus an tionscnamh seo: an Dr Liam Mac Amhlaigh (eagarthóir), an Dr Lára Ní Mhaoláin (ball den phainéal grianghrafadóireachta) agus Ronan Doherty (céimí agus comhairleoir deartha). Anuas orthu sin, feictear ceangal le neart de na portráidí áille, idir fhoireann, iarfhoireann, chéimithe na hOllscoile agus naisc thíreolaíochtúla Chill Dara; Tadhg Ó Dúshláine agus Ruairí Ó hUiginn an bheirt is deireanaí le nasc leis an Ollscoil a réitíodh portráidí díobh don chnuasach.