Ollscoil Mhá Nuad ag Tacú le Gaeilge Nuada

Leathanach Facebook de chuid Ghaeilge Nuada ar líne anois
Tuesday, February 2, 2021 - 17:00

Tá Ollscoill Mhá Nuad ag tacú go hiomlán leis an ngrúpa pobail nua Gaeilge Nuada a bunaíodh chun Gaeilge agus cultúr na Gaeilge a chur chun cinn i gceantar bardasach Mhaigh Nuad trí dhaoine le spéis sa teanga, beag beann ar a gcumas, a chur i dteagmháil lena chéile. Tá sé i gceist ag an ngrúpa nuabhunaithe seo imeachtaí sóisialta agus spraíúla a eagrú do dhaoine fásta agus do pháistí chomh maith le hardán a thabhairt do na grúpaí agus eagrais sheanbhunaithe ar fad atá sa cheantar, Ollscoil Mhá Nuad ina measc, a n-imeachtaí Gaelacha a fhógairt in aon áit amháin.
 
Ba bhreá le Gaeilge Nuada plean teanga do cheantar bardasach Mhaigh Nuad a chur le chéile chomh maith a chuirfeadh leis an bPlean don Ghaeilge atá ag Contae Chill Dara. Is é sprioc an ghrúpa ná an pobal áitiúil le spéis sa Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge a chruinniú le chéile, gréasánú a eascú agus  imeachtaí a eagrú. Is féidir le gach duine gur spéis leo spriocanna Gaeilge Nuada a chomhlíonadh a bheith mar bhall den ghrúpa.
 
Beidh ócáid fhíorúil ag tarlú le linn Sheachtain na Gaeilge chun Gaeilge Nuada a sheoladh go hoifigiúil. Déanfar cur i láthair ar stair na Gaeilge sa cheantar agus ar cad as a dtáinig Gaeilge Nuada ar an oíche agus baileofar eolas faoi na himeachtaí a mbeadh spéis ag an bpobal go n-eagrófaí sa cheantar iad amach anseo. Beidh ionadaíocht ó Ollscoil Mhá Nuad, idir mhic léinn agus bhaill foirne, i láthair don seoladh oifigiúil seo. Is féidir Gaeilge Nuada a leanúint ar Facebook agus Twitter anois agus teagmháil a dhéanamh leo ag gaeilgenuada1@gmail.com.