Oíche Ómóis do Bhreandán Ó Doibhlin 16/10/16

Thursday, October 6, 2016 - 16:00

OÍCHE ÓMÓIS DO BHREANDÁN Ó DOIBHLIN

Dáta: Dé Domhnaigh 16.10.16 
Am: 19.00
​Láthair: McGrattan's, 76 Lána Mhic Liam, Sráid Bhagóid​
Costas: Saorchead isteach

Mar chuid den fhéile litríochta Gaeilge IMRAM, beidh oíche ómóis do Bhreandán Ó Doibhlin ar siúl ar an Domhnach 16 Deireadh Fómhair ar a 7 i.n. in Óstán Mhig Reachtain (McGrattan’s Hotel) i mBaile Átha Cliath. 

Úrscéalaí, drámadóir, file, criticeoir, díolamóir agus aistritheoir par excellence é Breandán Ó Doibhlin. Tugann an t-úrscéal iomráiteach leis Néal Maidine agus Tine Oíche ar aistear diamhair sinn ina bpléitear díshealbhú cultúir agus teanga. Deir Alan Titley faoi fhicsean Bhreandáin Uí Dhoibhlin go bhfuil stíl mhachnamhach fhileata dá chuid féin aige.

Ceapadh ina Ollamh le Nua-Theangacha i Maigh Nuad é sa bhliain 1959. Mar eagarthóir ar Irisleabhar Mhá Nuad, b’eisean a chuir modhanna nua léirmheastóireachta chun cinn sa Ghaeilge. Tá mórscríbhneoirí na Fraincise tiontaithe go Gaeilge aige, ina measc Pascal, Rabelais, Charles Péguy, La Fontaine agus Antoine de Sainte-Exupéry. Bronnadh an Ordre national de la Légion d’honneur air sa bhliain 2001.
 
Beidh filí, léirmheastóirí, amhránaithe agus ceoltóirí i láthair le ceiliúradh a dhéanamh ar a shaothar; Colm Breathnach, an Dr Tracey Ní Mhaonaigh, Pádraigín Ní Uallacháin, an Dr Tadhg Ó Dúshláine, Liam Ó Muirthile, Marcas Ó Murchú, Sheila Pratschke, Doimnic Mac Giolla Bhríde agus Hilary Bow ina measc.

Tá clár na féile ar fáil thíos: 
  Clár IMRAM 2016