Motherfoclóir Ar Cuairt go hOllscoil Mhá Nuad

Peadar Ó Caomhánaigh, Eimear Duffy agus Gearóidín McEvoy lena n-aoí speisialta Osgar Ó Ciardha ag an taifeadadh beo dena bpodchraoladh Motherfoclóir san Ionad in Aontas na Mac Léinn ar champas Mhá Nuad le linn Sheachtain na Gaeilge 2019.
Tuesday, March 5, 2019 - 11:00

Mar chuid den cheiliúradh do Sheachtain na Gaeilge 2019 anseo ar champas Mhá Nuad, thug muintir Motherfoclóir cuairt orainn chun dhá eagrán dena bpodchraoladh mór le rá faoi chuile ghné den Ghaeilge mar a théann sí i bhfeidhm ar ár saolta a thaifeadadh. Tháinig lucht leanúna an phodchraolta amach, bíodh siad lonnaithe i Má Nuad nó lonnaithe sna ceantair timpeall orainn, chun tacaíocht a thabhairt don taifeadadh beo nach ndéantar ach ar ócáidí speisialta.

Bhí triúr ón bhfoireann reatha san Ionad in Aontas na Mac Léinn don ócáid agus chomh maith le Peadar Ó Caomhánaigh, a stiúraigh an oíche dúinn, saineolaí dlí an phodchraolta Gearóidín McEvoy agus saineolaí meánaoiseanna an phodchraolta Eimear Duffy bhí Osgar Ó Ciardha, a bhunaigh an Pop-Up Gaeltacht in éineacht le Peadar, ann mar aoi speisialta. Ba é an téama don chéad eagrán ar a ndearna siad taifeadadh ná stádas na mban mar a leagadh amach é i mBunreacht na hÉireann sa bhliain 1937 agus céard go díreach is brí leis an ráiteas conspóideach “Is sa bhaile atá áit na mná”.

Ina dhiaidh sin, ba é an téama don dara eagrán ná na tríoblóidí agus torthaí aiféiseacha a eascraíonn as bheith ag dul i muinín Google Translate chun cáipéisí de chuile shaghas a aistriú go Gaeilge, ficsean earótach san áireamh. Ba ócáid fhillte í do bheirt den fhoireann óir chaith Peadar seal mar Uachtarán ar Chuallacht Cholmcille agus é ag déanamh staidéir dá bhunchéim i Má Nuad agus bhain Eimear Máistreacht amach le Roinn na Sean-Ghaeilge i Má Nuad dhá bhliain ó shin.