Mic Léinn Mhá Nuad i nGaeltacht Ráth Chairn

Muintir Scéim Chónaithe Ollscoil Mhá Nuad 2018 – 2019 ag leac cuimhneacháin Dharach Uí Chatháin i gcroílár Ghaeltacht Ráth Chairn i Mí Feabhra na bliana seo in éineacht le hOifgeach na Gaeilge Brian MacMaghnuis ar chlé.
Thursday, February 28, 2019 - 11:15

Den chéad uair le fada an lá thug mic léinn ó Ollscoil Mhá Nuad cuairt i Mí Feabhra ar an gceantar Gaeltachta is gaire dóibh nuair a bhailigh muintir Scéim Chónaithe Ollscoil Mhá Nuad 2018 – 2019 leo, in éineacht le hOifigeach na Gaeilge Brian MacMaghnuis, go Gaeltacht Ráth Chairn i gcroílár Chontae na Mí don deireadh seachtaine.

Cuireadh fáilte is fiche rompu agus bhí clár láidir imeachtaí pleanáilte dóibh a dhírigh isteach ar stair spéisiúil na háite ó bunaíodh an Ghaeltacht sa cheantar sa bhliain 1935 agus ar scileanna damhsa agus amhránaíochta ar an sean-nós, atá go mór chun tosaigh inti chomh maith céanna leis an nGaeilge labhartha. Dar leis an Ollamh Fionntán de Brún, Ceann Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, is iontach tábhachtach an rud é turas den saghas seo a fheiscint arís mar ba cheart dúinn teacht i dtír ar an saibhreas atá díreach taobh linn agus na nascanna seanbhunaithe idir an ollscoil agus Gaeltacht Ráth Chairn a dhaingniú arís.

Is ar aon intinn leis atá Brídóg Ní Chonaire, bainisteoir Chomharchumann Ráth Chairn, a d’eagraigh an turas ar fad agus a léirigh a cuid dóchais gur oilithreacht bhliantúil a bheidh inti amach anseo. Bhí an turas maoinithe ina iomlán ag Lárionad na Gaeilge, atá faoi stiúir ag Anna Ní Ghallachair agus atá tiománta do shaol na Gaeilge a fhorbairt agus a fheabhsú do dhaoine go náisiúnta, go hidirnáisiúnta agus le tionscadail áitiúla den saghas seo.