Masters in Design Innovation wins ‘Best New Course’ 2016

Thursday, April 28, 2016 - 23:45

Irish Version

The MSc in Design Innovation at Maynooth University has today been recognised as the Best New Course by gradireland.
 
The first of its kind in Europe, MSc in Design Innovation is the only postgraduate programme in Ireland dedicated to leadership in design thinking and radical innovation. Designed for anyone aspiring to be an effective radical innovator, the programme has welcomed students from various disciplinary backgrounds, including graduates of Social Sciences, Business, Anthropology, Design, Computer Science and Engineering.
 
The MSc, which benefits from collaboration with Intel, Hewlett Packard, Enterprise Rent-a-Car and TV3 among others, prepares graduates for the roles of innovation leadership, innovation management, product management, strategic marketing, market research, design strategy and new product or service development in a wide variety of sectors such as design, manufacturing, IT, media and in the public services.

Further details on the course can be found here.

Gradam don ‘Chúrsa Nua is Fearr’ 2016 buaite ag an Máistreacht sa Nuálaíocht Dearaidh
Tá gradam don ‘Chúrsa Nua is Fearr’ bronnta ag gradireland ar an MSc i Nuálaíocht Dearaidh, Ollscoil Mhá Nuad.
Is é an MSc i Nuálaíocht Dearaidh an chéad chúrsa den chineál seo san Eoraip agus is é an t-aon chlár iarchéime in Éirinn atá tiomanta do cheannaireacht ar smaointeoireacht dearaidh agus ar nuálaíocht radacach. Dearadh an cúrsa seo le freastail ar aon duine a bhfuil fonn air nó uirthi a bheith ina nuálaí radacach agus éifeachtach. Tá fáilte curtha ag an gclár seo roimh mhic léinn ó chúlraí éagsúla, céimithe ó na hEolaíochtaí Sóisialta, Gnó, Antraipeolaíocht, Dearadh, Ríomheolaíocht agus Innealtóireacht.
Baineann an MSc leas as comhoibriú le Intel, Hewlett Packard, Enterprise Rent-a-Car, TV3 agus eile. Ullmhaítear na céimithe do róil i gceannaireacht nuálaíochta, bainistiú nuálaíochta, bainistiú táirgí, margaíocht straitéiseach, taighde margaidh, straitéis deartha chomh maith le forbairt táirgí agus seirbhísí nua i réimse leathan d’earnálacha – dearadh, déantúsaíocht, teicneolaíocht faisnéise, na meáin agus na seirbhísí poiblí.
Tá eolas breise faoin gcúrsa ar fáil anseo.