Léacht tionscnaimh an Ollaimh Fionntán de Brún

An tOllamh Fionntán de Brún
Tuesday, May 15, 2018 - 17:45

Bhí slua breá i láthair in Ollscoil Mhá Nuad ar an 10 Bealtaine do léacht tionscnaimh an Ollaimh Fionntán de Brún.  Ba é ‘Ag seachaint ‘cith na baoise’ - an Ghaeilge, an tAthbheochanachas agus Stair na nIdéanna’ teideal na léachta.
 
Dhírigh an tOllamh de Brún ar athbheochanachas na Gaeilge le linn na léachta. Dar leis go mbíonn barraíocht airde ar thréimhse amháin athbheochana (1890í-1920í) agus go ndéantar neamhshuim dá réir sa cheangal atá idir an athbheochan áirithe sin agus tréimhsí eile athbheochana. Is é rud, dar leis, gur chóir dúinn bheith ag trácht ar an athbheochanas mar ghluaiseacht athfhillteach atá le haithint tríd síos sa stair, gluaiseacht a cheanglaíonn dán na Gaeilge le mórghluaiseachtaí eile na staire agus le stair na n-idéanna. A dhála sin, chuir an tOllamh de Brún na coincheapa atá ar chúl an athbheochanais i gcomhthéacs leathan sin stair na n-idéanna. Chuige sin, thrácht sé ar fhealsúnacht na Gréige, ar Dhaonnachas an Renaissance, ar Hegel agus Nietzsche. Dar leis go mbíonn gluaiseachtaí athbheochana idir dhá chomhairle go minic, is é sin idir an leanúnachas agus an athnuachan.
 
D'fhonn an téis sin a léiriú tharraing an tOllamh de Brún ar roinnt mhaith eiseamláirí ó litríocht na Nua-Ghaeilge ón 17ú haois anall. Thosaigh sé le scéal 'cith na baoise', scéal a luaitear i ndán a scríobh Froinsias Ó Maolmhuaidh mar dhán ceangail leis an chéad ghraiméar clóite sa Ghaeilge, Grammatica Latino-Hibernica (1677). Thuig 30 fealsamh ag tús an domhain go raibh cith ag teacht lena gcaillfeadh muintir an domhain a gciall. Cé gur thug na fealsúna rabhadh do mhuintir an domhain níor tugadh aird orthu. Fágadh rogha ag na fealsúna – dul faoin gcith nó fanacht mar a bhí siad agus a gciall a choinneáil. Ba é an chéad rogha a rinne siad! Ina dhán siúd, iarrann Froinsias Ó Maolmhuaidh ar mhuintir na hÉireann cith na baoise a sheachaint agus litríocht agus saíocht na Gaeilge a athnuachan ionas go mbeidh 'an Ghaoidhealg fa mheas mhór, I nÁth Cliath na bhfleasg bhfíonól.' Thuig Ó Maolmhuaidh nach raibh leanúnachas gan bhriseadh idir é agus traidisiún na seanfhilí a chuaigh roimhe ach go raibh go leor den traidisiún sin fágtha le go bhféadfaí é a athnuachan. Is é an rogha chéanna, dar le de Brún, atá againn i gcónaí – cúl a thabhairt dár n-éirim féin nó í a athnuachan.

Ceapadh Fionntan de Brún ina Ollamh le Nua-Ghaeilge agus ina cheann roinne ar Roinn na Nua- Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, i Meán Fómhair 2017. Roimhe sin bhí sé ina Léachtóir Sinsearach in Ollscoil Uladh agus i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste. Tá breis agus 450 mac léinn ag gabháil don Ghaeilge mar nua-theanga i Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad faoi láthair.