Ken Saro Wiwa Ceiliúrtha i Leabhar Nua

Ken Saro-Wiwa
Thursday, December 17, 2020 - 14:00

I mí na Nollag 2020, seoladh go fíorúil an leabhar “I am a man of peace: Writings inspired by the Maynooth University Ken Saro-Wiwa Collection,” curtha in eagar ag Helen Fallon agus foilsithe ag Daraji Press. Is in ómós don scríbhneoir agus don ghníomhaí ar son chearta an duine inspioráideach ón Nigéir Ken Saro Wiwa a cuireadh an leabhar le chéile. I mí na Samhna 2011, bhronn an tSiúr Majella McCarron cartlann thábhachtach faoi Saro-Wiwa ar Leabharlann Ollscoil Mhá Nuad. Thug an tSiúr Majella cabhair do Saro-Wiwa, aird a tharraingt ar an gcruachás ina raibh na Daoine Ogoni, grúpa beag eitneach a bhfuil cónaí orthu i nDeilt na Nigéire in iardheisceart na tíre.

D’fhás Ken Saro-Wiwa aníos i measc na nDaoine Ogoni. Bhí fearg air mar bhí an ceantar lán d’ola ach ní bhfuair muintir an cheantair aon chuid den ola. Ní raibh uisce glan, leictreachas ná ospidéil sa cheantar agus bhí muintir an cheantair ag brath ar bheagán scoileanna. Thug an comhlacht Shell suim mhór airgid don rialtas míleata seachas don chosmhuintir agus, chomh maith leis sin, bhí an tír buailte go dona ag an drochthionchar a bhí ag an taiscéaladh ola ar an timpeallacht. Bhunaigh Saro-Wiwa grúpa darbh ainm The Movement for the Solidarity of the Ogoni People (MOSOP) chun dul i mbun agóide go síochánta. Thug an tSiúr Majella cabhair dó agus na hagóidí seo á gcur ar siúl aige.
 
Gabhadh Saro-Wiwa and ochtar eile – an Ogoni Nine mar a glaíodh orthu – agus cuireadh i dteach coinneála iad. D’fhill an tSiúr Majella ar Éirinn óir rugadh i gContae Fhear Manach í cé go raibh sí tar éis tríocha bliain a chaitheamh sa Nigéir. Agus í athlonnaithe in Éirinn, chuaigh sí i mbun feachtasaíochta chun saolta an naonúir a shábháil. Idir an dá linn, scríobh Saro-Wiwa ocht litir agus fiche chuici and is iad na litreacha seo seodra na cartlainne. Rinne an tSiúr Majella tréan-iarrachtaí agus cuireadh brú idirnáisiúnta ar údaráis na Nigéire ach, mar sin féin, cuireadh Ken Saro-Wiwa agus a chomrádaithe chun báis ar an deichniú lá de mhi na Samhna, 1995.
 
Is í atá i gceist sa leabhar nua-fhoilsithe “I am a man of peace: Writings inspired by the Maynooth University Ken Saro-Wiwa Collection" ná cumadóireacht, lena n-áirítear 21 aiste agus 42 dán, a bhfuil inspioráid faighte aige ó shaol agus ó shaothar Ken Saro-Wiwa ar ábhair thábhachtacha ár linne mar aon le cearta an duine, cosaint chomhshaoil, ceartas aeráide, comhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsitheacht. Is féidir é a léamh ar líne anseo: https://mural.maynoothuniversity.ie/13526/.