Irisleabhar Mhá Nuad 2017 le foilsiú

Leathanach baile an tsuímh nua, Irisleabhar.ie, leagan leictreonach d'Irisleabhar Mhá Nuad
Friday, December 1, 2017 - 14:45

Fógraíodh le déanaí go bhfoilseofaí Irisleabhar Mhá Nuad 2017 roimh dheireadh na bliana, an chéad imleabhar ó bhás an eagarthóra fhadtéarmaigh, Pádraig Ó Fiannachta, in eagar anois ag meitheal ó Ollscoil Mhá Nuad, faoi stiúir Thaidhg Uí Dhubhsláine. Sa leagan úr den Irisleabhar, beidh ailt léannta, léirmheasanna litríochta, ábhar cartlainne, saothar nua-chruthaithe ón bpeann aitheanta agus ón scríbhneoir nua, mar bhlaiseadh de shaíocht na Gaeilge sna hOllscoileanna i Maigh Nuad sa bhliain atá imithe romhainn.

Baineann traidisiún fada le hIrisleabhar Mhá Nuad, traidisiún ar cuireadh tús leis in eagrán na bliana 1898–99 den Record of The League of St. Columba. Cuallacht Cholm Cille, cumann na mac léinn, a bunaíodh sa bhliain 1898, a chuir an Record amach agus é de chuspóir acu oidhreacht liteartha, eaglasta, staire agus teanga na tíre a chur chun cinn. Sa bhliain 1907, foilsíodh faoi ainm nua é — Irisleabhar Muighe Nuadhat — ainm atá beo i gcónaí. Tuilleadh eolais: www.irisleabhar.ie