Gradam Chonradh na Gaeilge buaite ag mic léinn Ollscoil Mhá Nuad

Thursday, April 28, 2016 - 15:30

Bhuaigh Cumann Gaelach na hOllscoile, Cuallacht Choilm Cille, duais chéad áite le Coláiste na Tríonóide, ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2016.

Rinneadh tréaslú ag an ócáid leis na grúpaí atá ag feidhmiú i measc an phobail chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gcónaí. Bronnadh gradam ar mhic léinn na Cuallachta mar aitheantas dá gcuid oibre ar son na teanga.

Tá Ollscoil Mhá Nuad an-bhródúil as an gCuallacht agus as an méid oibre a dhéanann na mic léinn chun an Ghaeilge a chur chun cinn i mbealach atá taitneamhach san ollscoil, go sóisialta agus go hacadúil.