Duais OÉ bainte amach ag mac léinn na Scéime

Seansailéir Ollscoil na hÉireann, an Dr Muiris Ó Mainnín, in éineacht le Kathleen Sweeney, Ollscoil Mhá Nuad.
Wednesday, November 15, 2017 - 15:00

Bhronn Ollscoil na hÉireann an dara duais i Scoláireacht Liteartha an Dr H H Stewart sa Ghaeilge ar Kathleen Sweeney ag searmanas speisialta i mí na Samhna. Is ball de Scéim Chónaithe na hOllscoile í Kathleen. Tá an Baitsiléir Oideachais ar bun aici agus tá sí sa dara bliain.