Duais don suíomh gréasáin is fearr i nGaeilge in Éirinn bronnta ar www.portraidi.ie

Gradam bronnta ag Panti Bliss ar Ronan Doherty, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, agus ar Anna Davitt, Foras na Gaeilge
Saturday, January 14, 2017 - 15:45

Bhí ábhar mórtais faoi leith ann d’Ollscoil Mhá Nuad nuair a ghnóthaigh an suíomh gréasáin www.portraidi.ie an chéad áit sa chomórtas náisiúnta Eir Spiders (Gradaim sa Teicneolaíocht Dhigiteach) don suíomh gréasáin is fearr i nGaeilge in Éirinn sa bhliain 2016. Bronnadh an gradam seo ar an suíomh ag searmanas speisialta ar an 30 Samhain.

Tá Ronan Doherty, céimí na hOllscoile, ina chomhairleoir teicniúil agus deartha ar an suíomh. Is dearthóir agus forbróir gréasáin é Ronan atá ag críochnú PhD sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Bhain Ronan céim sna healaíona (Staidéar ar na Meáin agus Nua-Ghaeilge) amach san Ollscoil sa bhliain 2009.