Duais Chonradh na Gaeilge buaite ag Cuallacht Cholmcille, Cumann Gaelach Ollscoil Mhá Nuad

Friday, March 31, 2017 - 15:15

I mí Feabhra, d’éirigh le Cumann Gaelach na hOllscoile, Cuallacht Cholmcille​, an chéad áit i gcomórtas d’institiúidí tríú leibhéal a bhaint amach ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2017. Bronnadh an gradam seo ar mhic léinn na Cuallachta mar aitheantas ar an obair atá déanta acu ar son na teanga.

Sa ghrianghraf: Dúlra Hanley, Éabha Flanagan agus Kevin Boushel (Baill de Choiste na Cuallachta).