
Tá an Dr Tadhg Ó Dúshláine, iarléachtóir sinsearach le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, file agus scríbhneoir acadúil, ar dhuine d’ochtar scríbhneoirí a chuirfear leis an gcartlann Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge i mbliana. Cuirfear sraith d’ocht bportráidí nua leis an mbunachar sa chéad sé mhí de 2017. Seolfar na portráidí nua agus fógrófar liosta 2018 i mí na Nollag 2017.
Déanann Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge an Scríbhneoir Gaeilge a chomóradh. Sa chéad chéim den tionscadal cuireadh an leabhar Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge agus an láithreán gréasáin www.portraidi.ie ar fáil. Chuir an tOllamh Pilib Ó Nualláin, Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge: Na Comhaid Fuaime os comhair an phobail ag ócáid speisialta i Leabharlann Ollscoil Mhá Nuad i mí na Samhna.
Sa dara céim den tionscadal, cuirfear portráidí dá bhfuil ann de scríbhneoirí eile na Gaeilge sna seánraí éagsúla leis an gcartlann seo go bliantúil chun an chartlann a iomlánú thar am. An Dr Liam Mac Amhlaigh, Roinn na Nua-Ghaeilge, atá ina eagarthóir ar an tionscadal seo. Tá Ronan Doherty, mac léinn PhD in Ollscoil Mhá Nuad, agus Lára Ní Mhaoláin, Roinn na Nua-Ghaeilge, ar an bpainéal grianghrafadóireachta don dara céim den tionscadal.
Fógraíodh liosta 2017, a bhaineann le Céim 2 den togra ag mórsheoladh na Nollag de chuid COMHAR in Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath.
Is iad siúd:
- An Dr Tadhg Ó Dúshláine: Iarléachtóir sinsearach le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, file agus scríbhneoir acadúil
- Bríd Ní Mhóráin: file
- Darach Mac Con Iomaire: drámadóir agus scríbhneoir scripte
- Gearóid Mac Lochlainn: file
- Joe Steve Ó Neachtain: gearrscéalaí, drámadóir, file agus úrscéalaí
- Máire Nic Mhaoláin: aistritheoir agus eagarthóir
- Orna Ní Choileáin: úrscéalaí agus scríbhneoir do pháistí
- Regina Uí Chollatáin: Ceann ar Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus scríbhneoir acadúil