Clár Gaeilge ar stáisiún raidió na hOllscoile

Tuesday, March 24, 2015 - 00:00

Tá clár raidió trí Ghaeilge á chraoladh ar Mars Fm, stáisiún raidió Ollscoil Mhá Nuad.

Is é ‘Na Geabairí Gaelacha’ am t-ainm atá ar an gclár nua seo, an chéad chlár Gaeilge riamh ar an stáisiún.

Tá Clíodhna Ní Dhufaigh, Katie Doohan, Kevin Johnston, Seán MacDomhnaill agus Alswyn Ní Aonghusa mar láithreoirí ar an gclár. Is mic léinn na hOllscoile iad atá i mbun staidéir ar na meán chumarsáide agus ar an nGaeilge.

Castar ceol i mBéarla agus i nGaeilge ar an gclár, pléitear saol na hOllscoile, cúrsaí spóirt chomh maith le himeachtaí a bhíonn ar siúl ar an gcampas.

Dar le Clíodhna, tá sé tábhachtach go bhfuil clár Gaeilge ar Mars Fm agus tá aiseolas iontach dearfach faighte acu faoi cheana féin:
”Tá tacaíocht iontach tugtha ag Cuallacht na Gaeilge dúinn agus tá daoine nua meallta againn chuig an nGaeilge freisin. Is minic a deir daoine liom gur éist siad leis an gclár agus gur thuig siad an méid a bhí a dul ar aghaidh.  Ní hábhar scoile amháin í an Ghaeilge, is féidir sult a bhaint as an teanga.”

Bíonn 'Na Geabairí Gaelacha' le cloisteáil idir 13.00 - 14.00 gach Máirt ar Mars Fm.
 
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gclár trí ríomhphost a sheoladh chuig broadcasting@nuimsu.com, Tá ‘Na Geabairí Gaelacha’ ar Facebook, Twitter agus Snapchat chomh maith,