Cló Leann na Gaeilge (CLÓ)

An tOllamh Máire Ní Annracháin, Ollamh Taca le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, ag fógairt bunú Chló Léann na Gaeilge.
Saturday, February 15, 2020 - 09:15

Cuireadh tús le tionscnamh bisiúil ag deireadh na bliana seo caite a bhfuil impleachtaí tábhachtacha ann do Léann na Gaeilge ar fud an oileáin: bunú CLÓ, inphrionta acadúil a fhoilseoidh saothair Ghaeilge ar an gcaighdeán idirnáisiúnta is airde. Foilseoidh CLÓ taighde piarmheasta ó gach réimse de léann na Gaeilge, trí mheáin chlóite agus leictreonacha éagsúla. Beidh sé i gceist go mbeadh CLÓ mar bhonn agus mar thaca faoi thaighde agus scoláireacht na Gaeilge.

Beidh sé mar aidhm ag CLÓ an dioscúrsa léannta a spreagadh agus a chothú trí ardán foilsitheoireachta a chur ar fáil do scoláirí ar fud na cruinne ar mian leo a gcuid taighde sa réimse thuasluaite a fhoilsiú i nGaeilge. Freagra ar an riachtanas le fearas nua foilsitheoireachta a chur i dtoll a chéile is ea CLÓ, ionas go mbeadh seachadadh scoláireacht agus taighde i Léann na Gaeilge slán sna blianta amach romhainn.

Aithnítear an rannpháirtíocht ó Ollscoil Mhá Nuad agus an tOllamh Fionntán de Brún ar an gcéad bhord comhairleach idirnáisiúnta eagarthóireachta agus an Dr Liam Mac Amhlaigh ina bhall den ghrúpa maoirseachta. Togra tras-institiúideach Ollscoile is ea CLÓ i bpáirt leis an teach foilsitheoireachta COMHAR agus tá tuilleadh sonraí ar fáil ag clo.ie.