Ceolchoirm Fhíorúil in Ómós do Laoch Carthanais

Geeta Venkadakrishnan nach maireann i mbun oibre i Kolkata na hIndia
Thursday, February 4, 2021 - 19:15

D’eagraigh Oifig na Gaeilge agus an Roinn Froebel don Bhun agus don Luathoideachas ceolchoirm tiomsaithe airgid fhíorúil den teideal "Dhá Lá Déag na Nollag" ar an suíomh meán sóisialta Twitter ag trialladh ar Nollaig 2020 agus bailíodh €1,384.21 de bharr a n-iarrachtaí. Is in ómós do Stiúrthóir HOPE Kolkata Geeta Venkadakrishnan, a cailleadh de bharr Covid-19, a bhí an cheolchoirm i mbliana mar tá nasc láidir idir an HOPE Foundation agus muintir na Roinne Froebel tríd an bPáirtnéireacht Froebel HOPE um Oiliúint Múinteoirí. Chuaigh dícheallacht, díongbháilteacht agus díocas Geeta, agus í i mbun oibre chun oideachas ar ard-chaighdeán a sholáthar do pháistí sráide Kolkata, go mór i bhfeidhm orthu agus iad ar cuairt go Kolkata na hIndia le fiche bliain anuas.

Ba mhaith le Laura Thornton thar cheann Pháirtnéireacht Froebel Hope um Oiliúint Múinteoirí buíochas ó chroí a ghabháil le muintir Oifig na Gaeilge; leis na baill foirne agus leis na mic léinn de chuid Ollscoil Mhá Nuad a sheinn ceol Nollaigiúil, a rinne aithris ar dhán nó ar phíosa próis a bhaineann leis an Nollaig nó a chas amhrán Nollag aitheanta ar na laethanta éagsúla (is féidir breathnú siar ar an tsiamsaíocht ar fad anseo: https://twitter.com/OnaGaeilgeMU); agus le gach éinne sa Roinn Froebel don Bhun agus Luathoideachas dá dtacaíocht leanúnach. Úsáidfear an tacaíocht airgid fhlaithiúil a fuarthas ar leas na páistí a bhíonn ag freastal ar Ionaid Oideachais de chuid HOPE i Kolkata na hIndia.