Ceardlanna Amhránaíochta ar an Sean-Nós curtha ar fáil ag Sailí Ní Dhroighneáin

Thursday, November 10, 2016 - 14:30
Chuir Sailí Ní Dhroighneáin, Teagascóir Sinsearach Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, tús le ceardlanna amhránaíochta ar an sean-nós i mí na Samhna. Bhí an deis ag mic léinn agus ag baill foirne freastal ar na ceardlanna lóin. Rinneadh plé ar chúlra an tsean-nóis agus díríodh ar amhráin faoi leith. 
 
Is cainteoir dúchais Gaeilge agus amhránaí sean-nóis as ceantar an Spidéil i gCo. na Gaillimhe í Sailí. D’éirigh léi an chéad áit san amhránaíocht sean-nóis a bhaint amach i bhFleadh Cheoil na Gaillimhe, Chonnacht agus na hÉireann sa bhliain 2014.