Ócáid Liteartha Gaelach le Colm Breathnach agus Éilís Ní Dhuibhne

An Dr Liam Mac Amhlaigh, Colm Breathnach agus Éilís Ní Dhuibhne
Wednesday, October 4, 2017 - 14:15

Mar chuid d'Fhéile Léitheoirí Chill Dara, eagraíodh imeacht liteartha i bpáirt le Seirbhís Leabharlainne Co. Chill Dara oíche Mháirt 3 Deireadh Fómhair sa Chlogtheach i mBrady's i mBaile Mhá Nuad. Bhí an slua faoi dhraíocht ag filíocht Choilm Bhreathnaigh agus próslitríocht ó Éilís Ní Dhuibhne, beirt na húdair is aitheanta i saol liteartha na Gaeilge, agus ina dhiaidh sin, ghlac an bheirt acu páirt in agallamh poiblí leis an Dr Liam Mac Amhlaigh.

Cuireadh ceol álainn leis an ócáid ag an gCuallacht agus fuair mic léinn na hOllscoile, ó An Ciorcal, an grúpa scríbhneoireachta Nua-Ghaeilge a bunaíodh anuraidh, deis a rogha saothair a léamh amach os comhair an tslua: www.kildarereadersfestival.ie.