Bláthnaid Faoi Agallamh Linn

Bláthnaid Ní Chofaigh ag caint le mic léinn de chuid Ollscoil Mhá Nuad tar éis di dul faoi agallamh don tsraith nua agallamh le Gaeilgeoirí aitheanta “Mise agus an Ghaeilge”. Sa phictiúr leí tá a hagallóir Sinéad Scully, Róisín Ní Mhaoláin, Rachel King, Lucy Masterson agus Dúlra Ní Áinle.
Thursday, March 7, 2019 - 12:00

Cuireadh tús le sraith nua agallamh “Mise agus an Ghaeilge” anseo ar champas Mhá Nuad nuair a tháinig an láithreoir raidió agus teilifíse agus feachtasóir Gaeilge aitheanta Bláthnaid Ní Chofaigh amach chugainn le linn Sheachtain na Gaeilge 2019. Tá sé i gceist ag Oifig na Gaeilge cuirí a thabhairt do phearsaí poiblí éagsúla sna blianta amach romhainn chun labhairt linn faoina saolta gairmiúla go dtí an pointe seo agus faoina gcuid eispéireas mar Ghaeilgeoirí os comhair an tsaoil mhóir.

Ba í an t-agallóir oilte don oíche ná Sinéad Scully, múinteoir bunscoile faoi oiliúint leis an Roinn Froebel agus Leas-Uachtarán Chuallacht Cholmcille. Chaith Bláthnaid go fial flaithiúil le Sinéad agus leis an lucht féachana a bhailigh le chéile chun í a chloisint, idir mhic léinn agus bhaill foirne, ó thaobh a hama de agus ó thaobh a scéalta de.

I measc na n-ábhar a clúdaíodh, bhí an aithne a chuir ise agus a teaghlach ar an bhfile ceiliúrtha Caitlín Maude agus í ag fás aníos i nGaeltacht Ráth Chairn, an sceitimíní a bhí uirthi agus ar a ciorcal cairde Oíche Shamhna 1996 nuair a seoladh TnaG agus an t-imní a chuireann an dearcadh cúng a bhíonn ag cainteoirí dúchais áirithe i leith na bhfoghlaimeoirí, fiú amháin sa lá atá inniu ann, uirthi.