Amhrán agus dán cumtha faoin múrphictiúr i bhFoirgneamh na nEalaíon

Múrphictiúr i bhFoirgneamh na nEalaíon
Wednesday, April 27, 2016 - 09:15

Cuireadh múrphictiúr in airde i bhfoirgneamh na nEalaíon le déanaí. Molann Oifig na Gaeilge an ceiliúradh atá déanta ar an nGaeilge ann agus an comhoibriú a rinneadh mar chuid den tionscadal.

Thug an múrphictiúr seo spreagadh don Dr Tadhg Ó Dúshláine, Roinn na Nua-Ghaeilge, peann a chur le pár agus amhrán agus dán dár teideal Mo Bhalla Iontais a scríobh. Tá na saothair le feiceáil thíos:

               Mo Bhalla Iontais
           (fonn: ‘An Poc ar Buile)
 
Ar ghabháil dó isteach go Léachtlann a haon,
Nótaí ina láimh is  é ag dul ag teagasc
Cad é mar raic is cur trí chéile
Ag balla an Bhéarla bhí croí Thaidhg scólta.
 
Aililiú, pililiú, aililiú bhí Tadhg ar buile
Aililiú, pililiú, aililiú bhí Tadhg ar buile.
 
Do leag sé súil ar an scamall eolais
Ó bhun go barr an bhalla bhreactha
Focail mhóra acadúla
Ina ngliogram gliog gan siolla Gaeilge.
 
Aililiú ...
 
Chuir sé glaoch ar an innealtóir
Is sheas Mac Oscair leis an gcothrom Féinne
Beart dréir briathar is cearta teanga
Is bheith istigh do chleas na Gaeilge.
 
Aililiú...
 
Atá anois ina ábhar suntais
I bhfoirgneamh na nEalaíon an balla iontais
An Ghaeilge bhinn ina mórchúis áthais
D’fhág Tadhg an ghearáin ins na flaithis.
Aililiú...

 
           Mo Bhalla Iontais  
 
Léitear sa Bhíobla faoi bhalla Iericó
A thit go talamh gan aon agó;
Faoi bhalla ábhalmhór na Síne
Tá le feiceáil ón spás os cionn na cruinne;
Faoi bhalla Dhoire a sheas go daingean;
Ballaí Luimní a réab an tSionainn;
Baile ris a ráitear Balla thíos i Muigheo
Mar a mbíodh Raftairí an file ag ól fadó;
Ach ní fhacthas maisithe, ar neamh ná ar talamh
Balla chomh gallda, chomh gliogar, chomh garbh
Leis an mballa bricíneach béarla a d’fhág Tadhg balbh.
 
Balla cosanta is balla doichill
Balla na léachtlanna i bhFoirgneamh na nEalaíon
Ár scarúint ó chéile faoi mar a bhíodh balla Bheirlín.
Gan an siolla is lú de mhuintearas na Gaeilge,
Ach é lán de mhórchúis theibí an Bhéarla:
Potential, inclusion, education, report
Is lán a’ mhála de bhréaga dá shórt.
 
Nó go bhfaca scribere na Laidine scríofa
Faoi mar a bheadh méar ar an mballa ag fógairt a thitime
Muna mbeadh bheith istigh ag Gaeilge agus Béarla
Is stádas comhionann acu i bpáirt le chéile.
 
Fair play do na gaiscígh a dhein an claochú
Is a dhearaigh an ghraific as an nua;
Mo bheannacht anois leo tá an scéal ina cheart.
Daithí Mac Oscair a dhein an bheart;
Tracey Ní Mhaonaigh a bhog an t-údarás
Is Ronan Ó Dochartaigh a ghaelaigh an spás.
 
Is a scamall eolais Fhoirgneamh na nEalaíon
Tá anois agat tógáil do chinn;
Ag réiteach na slí dúinn id chlaíomh solais
Agus sinn fonnmhar faobhrach ar thóir an eolais
Id néal maidine is tine oíche romhainn sa treo
Idir léachtlann a haon agus léachtlann a dó.
 
Is tú,anois, mo rún,
Mo stór (focal),
Mo spreagadh,
Mo fhreagra,
Mo chuaille bóthair,
Mo chlár ama,
Mo chéim,
Mo chreideamh,
Mo ghraific ghnéasach,
Mo réalt eolais,
Mo bhalla iontais.