An Tolg Liteartha - Scríbhneoirí Mhá Nuad

Tadhg Ó Dúshláine a ghlacfaidh páirt ar an oíche
Monday, March 8, 2021 - 19:00 to 20:30
Ar Líne

Mar chuid dár gceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge 2021, cuirfidh Ollscoil Mhá Nuad “An Tolg Liteartha” faoi bhur mbráid den dara huair i comhpháirt le Leabharlanna Chill Dara Dé Luain 8 Márta ar 7pm. Is imeacht fíorúil a bheidh ann arís agus, an uair seo, cuirfidh fear an tí, an Dr Liam Mac Amhlaigh, léachtóir le Gaeilge in OMN, triúr scríbhneoirí Gaeilge a bhfuil nascanna láidre acu lenár n-ollscoil faoi agallamh maidir leis an saothar is déanaí atá foilsithe acu.
 
Labhróidh an Dr Tadhg Ó Dúshláine, a chaith daichead bliain ina léachtóir sinsearach i Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, le Liam faoina sheachtú cnuasach filíochta Mo Ghrá-sa; labhróidh an Dr Marie Whelton, léachtóir le Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino agus céimí de chuid Ollscoil Mhá Nuad, le Liam faoina húrscéal do fhoghlaimeoirí fásta Leathbhádóirí; agus labhróidh Eoin P Ó Murchú, a bhfuil dochtúireacht idir lámha aige i Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad faoi láthair, le Liam faoi Tinte na Farraige Duibhe, a aistriúchán Gaeilge ar úrscéal ficsean-eolaíochta a scríobhadh i nGaeilge na hAlban.
 
Más rud é gur mhaith leat bheith i láthair linn ar Zoom Dé Luain seo chugainn, ní mór clárú don imeacht roimh ré ar Eventbrite: https://www.eventbrite.ie/e/an-tolg-liteartha-2-tickets-141892695873?aff=ebdssbonlinesearch