
- the University’s direct obligations under the Official Languages Act 2003.
- the University’s Irish Language Scheme.
Please send an email to [email protected] by Friday May 20th to confirm attendance.
Oifig na Gaeilge and Seán Ó Riain, Chair of the University’s Irish Language Committee, thank you for your support.
________________________________________________________________________________________________
Ar an Aoine, 27 Bealtaine, cuirfidh Colm Ó Coisdealbha, Stiúrthóir, Oifig an Choimisinéara Teanga, seisiún oiliúna ar fáil d’fhoireann Ollscoil Mhá Nuad.
Pléifear:
- dualgais dhíreacha na hOllscoile faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
- Scéim Teanga na hOllscoile.
Beidh deis ann ceisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn a phlé. Beidh Oifig na Gaeilge ar fáil sna seachtainí agus sna míonna atá romhainn le comhairle a thabhairt agus le tacaíocht i leith an tionscnaimh seo a chur ar fáil.
Tá sé tábhachtach go mbeadh an fhoireann eolach ar dhualgais na hOllscoile faoin Acht agus faoin Scéim Teanga. Dá bhrí sin, tá ceist curtha ag Oifig na Gaeilge ar gach Roinn agus ar gach Oifig ionadaí a chur ar fáil le freastail ar an seisiún.
Is féidir ríomhphost a chur chuig [email protected] roimh an Aoine, 20 Bealtaine, le deimhniú go mbeidh tú ag teacht.
Ba mhaith le hOifig na Gaeilge agus leis an Ollamh Seán Ó Riain, Cathaoireach Choiste na Gaeilge, buíochas a ghabháil leat as tacú leis an tionscnamh seo.