Seoladh Oifigiúil Sheachtain na Gaeilge 2019/Official Launch of Irish Language Week 2019

Seoladh Oifigiúil Sheachtain na Gaeilge 2018
Monday, March 4, 2019 - 13:00 to 14:00
Forhalla Leabharlann Ollscoil Mhá Nuad/Maynooth University Library Foyer

Seolfar Seachtain na Gaeilge go hoifigiúil ar champas Mhá Nuad don bhliain 2019 ag an ócaid speisialta seo in éindí le muintir Oifig na Gaeilge, muintir Chuallacht Cholmcille, muintir Scoil an Léinn Cheiltigh, muintir Aontas na Mac Leinn agus chách a bhfuil sainspéis agus grá acu don Ghaeilge. Beidh idir mhic léinn agus bhaill foirne ann chun eisteacht leis an óráid oscailte ón Ollamh Seán Ó Riain, Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, chun breathnú ar an gcéad léiriú d'fhíséan nua-choimisiúnaithe faoi shaol na Gaeilge san ollscoil agus chun taitneamh a bhaint as ceol traidisiúnta á sheinnt ag scoth cheoltóirí an Tradsoc.