Podchraoladh na Gaelgals - Taifeadadh Beo

Na Gaelgals ar champas le linn Sheachtain na Gaeilge 2019
Thursday, March 11, 2021 - 19:00 to 20:30
Ar Líne

Fillfidh na Gaelgals, Róisín, Sinéad, Rachel, Lucy, Aoife, Alswyn, Dúlra agus Clíodhna, ar a n-alma mater (go fíorúil) chun a bpodchraoladh nua iontach a bhfuil an-thóir air cheana féin a thaifeadadh linn beo. Is mar chuid dár gceilúradh ar Sheachtain na Gaeilge 2021 a bheidh sé seo. Cé eile a dtabharfaimis cuireadh dóibh ach na Gaelgals iad féin, a bhain dlúthchairdeas amach eatarthu go léir trí mheán na Gaeilge ar ár gcampas agus atá ag leanúint ar aghaidh chun éacht a dhéanamh ar son na Gaeilge ina mbealaí éagsúla, chuile dhuine acu? Beidh siad go léir linn don taifeadadh beo speisialta seo agus is fada linn é.

Ní mór clárú roimh ré ar an leathanach Eventbrite seo a leanas agus seolfar an nasc Zoom chugat ansin: https://www.eventbrite.ie/e/podchraoladh-na-gaelgals-taifeadadh-beo-tickets-143307728273.