Oíche Filíochta/Poetry Night

Ciara Ní É
Tuesday, March 5, 2019 - 18:00 to 19:00
An Seomra Drámaíochta, Scoil an Oideachais/The Drama Room, School of Education

Tugfar deis do Ghaeilgeoirí fileata anseo ar champas a gcuid iarrachtaí a léamh amach agus a roinnt le pobal díograiseach na Gaeilge agus leis an bhfile aitheanta Ciara Ní É a dhéanfaidh cur i láthair í féin chun tús iontach spreagúil a chur lenár gcéad oíche filíochta seo. Ná bíodh drogall ort teacht agus do chuid dánta a chur faoinár mbráid ar son todhchaí litríocht na Gaeilge. B'fhéidir gur tusa an chéad Nuala Ní Dhomhnaill eile!