Ceolchoirm na Nollag 2019

Thursday, December 12, 2019 - 13:00 to 14:00

Ba mhaith le hOifig na Gaeilge cuireadh a thabhairt daoibh chun freastal ar Cheolchoirm na Nollag 2019. Ós bhur gcomhair amach beidh ceol traidisiúnta na hÉireann, amhránaíocht ar an sean-nós, carúil Nollag le casadh Gaelach orthu agus roinnt mhaith eile. Glacfaidh Cór an Dóchais (nua-bhunaithe sa Roinn Froebel), Cumann Traidisiúnta Ollscoil Mhá Nuad agus aíonna speisialta páirt san ócáid seo agus is ag bailiú airgid a bheimid do charthanas atá lonnaithe anseo ar champas Mhá Nuad, Páirtnéireacht Froebel agus HOPE um Oiliúint Múinteoirí. Ar an bhfód le deich mbliana anuas, bíonn an pháirtnéireacht ag obair gan staonadh chun oideachas ar ard-chaighdeán a sholáthar do pháistí faoi mhíbhuntáiste sa chathair Indiach, Kolkata. Tá súil againn gur féidir libh bheith i láthair chun tacaíocht a thabhairt don charthanas fíor-fiúntach seo agus chun taitneamh a bhaint as siamsaíocht Nollaigiúil den chéad scoth!

Am: 13.05 – 13.55
Dáta: 12/12/19
Ionad: Forhalla Scoil an Oideachais
Beidh sólaistí ar fáil.