Ceardlann Amhránaíochta ar an Sean-Nós/Traditional Irish Singing Workshop

Sailí Ní Dhroighneáin
Wednesday, March 6, 2019 - 13:00 to 14:00
Halla J, Foirgneamh na n-Ealaíon/Hall J, Arts Building

Tá Oifig na Gaeilge an-sásta a fhógairt go bhfuil ball foirne de chuid Lárionad na Gaeilge, Sailí Ní Dhroighneáin, sásta a saineolas ar an amhránaíocht ar an sean-nós a roinnt le pobal na hOllscoile le linn an tseimeastair seo agus ní haon eisceacht í Seachtain na Gaeilge, ar ndóigh.  Is cainteoir dúchais Gaeilge agus amhránaí sean-nóis as ceantar an Spidéil i gCo. na Gaillimhe í Sailí.  Tá an-suim aici sna hamhráin sean-nóis agus tá taithí aici ar a bheith ag reáchtáil ceardlann agus ag tabhairt léachtaí ar an ábhar sin. Chomh maith leis sin, d’éirigh léi an chéad áit san amhránaíocht sean-nóis a bhaint amach i bhFleadh Cheoil na Gaillimhe, Chonnacht agus na hÉireann sa bhliain 2014. Is éard atá i gceist aici a dhéanamh san uair an chloig seo ná plé a dhéanamh ar chúlra an tsean-nóis agus ansin díriú ar amhráin faoi leith agus cleachtadh a dhéanamh le chéile ar na hamhráin sin má bhíonn fonn ar dhaoine!