“Bláthnaid Ní Chofaigh: Mise agus an Ghaeilge”

Bláthnaid Ní Chofaigh
Wednesday, March 6, 2019 - 18:00 to 19:00
An Seomra Drámaíochta, Scoil an Oideachais/The Drama Room, School of Education

Láithreoir teilifíse agus raidió aitheanta agus feachtasóir Gaeilge as Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí is ea Bláthnaid Ní Chofaigh. As Conamara do shinsir Ní Chofaigh, ach aistríodh go Ráth Cairn iad i 1935 le bunú Ghaeltacht na Mí. Rugadh ise féin i Quebec i gCeanada agus chuir sí tús lena saol craoltóireachta agus í fós sna déaga. Is ag obair go dátheangach le RTÉ atá sí ó shin i leith agus anocht beidh sí faoi agallamh againn faoina saol mar Ghaeilgeoir agus mar láithreoir.