100 Bliain den Ghaeilge sa Dáil: Scáthan ar fhorbairt sa tsochaí

Monday, November 25, 2019 - 17:00 to 19:00
Halla Renehan

Is ócáid í seo a chuirfear ar siúl chun céad bliain ó bunaíodh Rannóg an Aistriúcháin sa Dáil a chomóradh agus a cheiliúradh agus chun an dul chun cinn atá déanta le linn na tréimhse sin ó thaobh stádás na Gaeilge mar theanga i gcroílár shochaí agus shaol poiblí na hÉireann de a phlé. Cuideoidh an imeacht seo le clabhsúr a chur le haitheanhtas na hOllscoile don bhliain 1919, cuid thábhachtach de Dheich mBliana na gCuimhneachán. Is i bhfoirm pléphainéil a bheidh imeachtaí na hócáide agus is iad na painéalaithe ná:
 
Catherine Connolly TD, Cathaoirleach Choiste na Gaeilge sa Dáil
Vivian Uíbh Eachach, Príomhaistritheoir, Rannóg an Aistriúcháin
Gearóid Ó Lúing, An Leabharlann Náisiúnta/Staraí

Beidh Cormac Ó hEadhra ó Raidió na Gaeltachta ina chathaoirleach don oíche agus déanfar taifeadadh ar an imeacht chun go gcraolfar é amach anseo. Beidh soláistí ar fáil díreach i ndiaidh an phléphainéil.