Close

MA AISTRIÚCHÁN AGUS EAGARTHÓIREACHT (AR LÍNE)

Qualification : MASTER OF ARTS DEGREE

Award Type and NFQ level : TAUGHT MASTERS (9)

CAO/PAC code : MH53C

CAO Points :

Closing Date : 19 July 2024

View FETAC details

Eolas ginearálta

Tá an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (Ar Líne) á reáchtáil ag Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad ó bhí 2007 ann. Le freastal ar éileamh ó iarrthóirí, ó chéimithe agus ó fhostóirí in earnáil an aistriúcháin agus na heagarthóireachta, rinneadh cinneadh in 2016 deis a thabhairt do mhic léinn an Dioplóma Iarchéime a mbeadh caighdeán sách ard acu, tráchtas a scríobh agus MA a bhaint amach.

Is cúrsa dhá bhliain é an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht, agus bronnfar Dioplóma Iarchéime orthu siúd a bhainfidh an pasmharc de 60% amach ag deireadh an chúrsa sin. Tabharfar deis do na mic léinn a bhainfidh 65% nó os a chionn amach sa Dioplóma Iarchéime tráchtas a scríobh agus MA a bhaint amach. Is idir Meán Fómhair agus Lúnasa, tar éis dóibh an Dioplóma Iarchéime a chríochnú, a bheidís ag gabháil don chéim bhreise sin.

Glacfar le hiarratais ó mhic léinn reatha agus ó chéimithe de chuid an Dioplóma Iarchéime araon. Tá líon na n-áiteanna teoranta. 

Spriocdháta d'iarratais: 31 Iúil

Dáta tosaithe: Meán Fómhair 

Riachtanais iontrála

Ar a laghad 65% sa Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (ar líne).

Cé go bhfuil an clár dírithe go príomha ar dhaoine ar mian leo a bheith ag obair mar aistritheoirí agus mar eagarthóirí, agus ar dhaoine atá ag obair sna hearnálacha sin cheana féin, rachadh sé chun sochair freisin do dhaoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge in earnáil ar bith agus ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.

 

Tá céimithe de chuid an chúrsa seo ag obair i réimse leathan áiteanna – in institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh, cuir i gcás, i ranna agus eagraíochtaí Stáit, i scoileanna agus ollscoileanna, sna meáin, agus i gcomhlachtaí aistriúcháin agus ateangaireachta.

Aiseolas ó chéimithe an Dioplóma Iarchéime/MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (ar líne)

 

“Bhain mé sult agus tairbhe as an Dioplóma Iarchéime. Na buanna is mó atá ag an gcúrsa dar liom ná gur féidir dul dó go páirtaimseartha agus gur féidir a bheith lonnaithe in áit ar bith. Tá na léachtaí suimiúil agus cuimsítear réimse leathan ábhar iontu. Fuaireas tuiscint mhaith ar cheird agus ar ealaín an aistriúcháin. Fuaireas aiseolas rialta mionsonraithe a chabhraigh go mór liom. Chuir an cúrsa go mór le mo thuiscint ar an nGaeilge, go háirithe gnéithe den teanga nach ndírítear orthu in áiteanna eile. Is fearr i bhfad mo thuiscint ar stíl, ar dhul na Gaeilge, agus ar an ngá a bheith intuigthe agus soiléir, leis. Tá an téarmaíocht theicniúil agam an t-ábhar a phlé, leis. Chuir an cúrsa seo ar mo chumas cinntí dlisteanacha a dhéanamh i gcásanna a bhfuil doiléire nó flúirse roghanna ann sa Ghaeilge. Molaim é.

“Thug scríobh an tráchtais deis dom díriú go mion ar ábhar a raibh an-suim agam ann agus cuireadh gach tacaíocht ar fáil dom le linn na hoibre. Tugadh moltaí iomadúla i leith an ábhair, éilíodh caighdeán ard agus tugadh cabhair dom é sin a bhaint amach.”

– EOIN.

 

 

“Ní dócha gur mór an méid daoine atá i mbun scríobh na Gaeilge nach dtagann amhras éigin orthu faoina mbíonn á scríobh acu maidir le cruinneas agus le stíl. Fiú an té a bhfuil ardchumas aige nó aici sa teanga, bíonn gá aige le treoir agus le critic lena chumas a fheabhsú agus tugtar an chabhair agus an treoir sin duit ar an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht... Pléitear na fadhbanna a ghabhann leis an aistriúchán go Gaeilge agus na cineálacha éagsúla aistriúcháin. Tugtar aiseolas luachmhar ar na cleachtaí a thugtar agus cuirtear ar a shúile don mhac léinn na gnéithe den teanga scríofa aige atá lochtach nó lag. Ba mhór an chabhair an t-eolas agus an treoir a tugadh dom agus mé i mbun an chúrsa agus mholfainn go mór é don té ar spéis leis scríobh na Gaeilge.”

– TADHG.

 

“Bhí an t-aiseolas a thug na hoidí ó thús deireadh an chúrsa ar fheabhas... Braithim anois go bhfuil tuiscint níos fearr agam ar an rud is aistriúchán maith ann agus gur féidir liom díriú ar ábhar ar bith ach tarraingt ar an dea-chomhairle agus ar an oiliúint a cuireadh ar fáil dom ar an gcúrsa Dioplóma.”
– CLARE

Déan iarratas ar líne ag http://www.pac.ie/maynoothuniversity 

Cód PAC: MH53C

Ní mór cóipeanna dearbhaithe de thras-scríbhinní torthaí oifigiúla, nach cáilíochtaí de chuid Ollscoil Mhá Nuad iad, a chur leis an iarratas. 

Is féidir na nithe thuas a sheoladh chuig PAC, 1 Cearnóg Theach na Cúirte, Gaillimh, nó iad a uaslódáil chuig suíomh gréasáin PAC.

Back to top