FAIGH CÁILÍOCHT SAN AISTRIÚCHÁN AR LÍNE

Wednesday, June 18, 2014 - 00:00

Tá an spriocdháta d’iarratais ar an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (Ar Líne) ag druidim linn agus tá spásanna ag líonadh go tapaidh.

Tá an cháilíocht ghairmiúil seo feiliúnach don té fur mhian leis/léi slí bheatha a bhaint amach san aistriúchán, san iriseoireacht nó san eagarthóireacht nó don té atá fostaithe cheana féin in earnáil na Gaeilge agus atá ag iarraidh ardscileanna teanga a shealbhú.

Beidh an cúrsa ar líne seo ar fáil thar dhá bhliain ar bhonn páirtaimseartha.

Faigh tuilleadh eolais ar www.nuim.ie/language/our-courses/aistriuchan agus déan iarratas ar PAC roimh 23 Meitheamh 2014.

Cúrsa ar líne ✔
Páirtaimseartha ✔
Leibhéal 9 ✔