Scoláireacht an Oireachtais 2023/24

Thursday, June 1, 2023 - 11:30

Scoláireacht an Oireachtais agus Scoláireacht Nua Eile i dTaibhealaíona na Gaeilge agus na Gaeltachta fógartha don bhliain acadúil 2023/24 ag Ollscoil Mhá Nuad 
Is cúis mhór áthais dúinn é go mbeidh Scoláireacht an Oireachtais (€3000) á cur ar fáil don sruth MA Nua-Ghaeilge i dTaibhealaíona agus i dTraidisiúin Bhéil na Gaeilge arís i mbliana. Tá tuilleadh eolais faoin gclár nuálach MA seo la fáil ag an nasc seo a leanas https://tinyurl.com/4a24krvs . Le cur le fís an Oireachtais maidir le cur chun cinn na dtaibhealaíon Gaeilge/Gaeltachta trí Scoláireacht an Oireachtais a chur ar fáil do mhic léinn, beidh an dara scoláireacht (€2000) á cur ar fáil ag Ollscoil Mhá Nuad le tacú le cleachtóirí ar mian leo tabhairt faoin sruth nuálach MA seo go sonrach, don chéad uair i mbliana. Is deis iontach í seo d’ealaíontóirí Gaeilge/Gaeltachta de gach saghas – mar shampla, amhránaithe, ceoltóirí, damhsóirí, aisteoirí, scríbhneoirí, nó cleachtóirí ealaíonta eile. Is féidir le hiarrthóirí cur isteach ar an dá scoláireacht, agus tá tuilleadh sonraí le fáil thíos. 

Tuilleadh eolais le fáil sa bhileog eolais seo a leanas:     Scoláireacht an Oireachtais 2023/24