Tá céimithe na Nua-Ghaeilge le fáil i ngach réimse den saol; múinteoireacht ar gach leibhéal, na meáin chumarsáide, an státseirbhís agus an earnáil phríobháideach.

Bronnadh céim sa Nua-Ghaeilge orthu seo a leanas: na himreoirí contae Marc Ó Sé (Ciarraí), Ruairí Caomhánach (Dún na nGall) agus Gearóid Ó Braonáin (Baile Átha Cliath); lucht teilifíse agus raidió, Muiris Ó Fiannachta, Tomás Ó Mainnín, Irene Ní Nualláin agus Alan Mac an Eala, a chloistear le Hector ar maidin!