Féile Ealaíon agus Eagna Imeachtaí as Gaeilge

Thursday, May 8, 2025 - 09:00 to Saturday, May 10, 2025 - 22:00
Maigh Nuad | Maynooth

Fáilte romhat chuig na himeachtaí Gaeilge a bheidh ar siúl mar chuid d'Fhéile Ealaíon agus Eagna Mhaigh Nuad (8-10 Bealtaine).

Dé hAoine 9 Bealtaine, beidh Oíche Scéalaíochta agus Amhránaíochta le Mairéad Éanaí as Ráth Chairn, Eithne Ní Ghallchobhair as Ard an Rátha in iardheisceart Thír Chonaill agus Stiofán Ó Briain as Ollscoil Mhá Nuad. Cloisfimid amhráin fosta ó Mháire agus Étáin Ní Churraoin as Ráth Chairn, beirt a bhí sa tsraith iomráiteach Bláth na hÓige (TG4). Ticéid ar fáil anseo: Oíche Scéalaíochta agus Amhránaíochta

Dé Sathairn 10 Bealtaine, beidh turas Gaeilge ar Chaisleán Mhaigh Nuad, picnic agus Pop-Up Gaeltacht amuigh faoin aer le Nada Ní Chuirrín (damhsóir ar an sean-nós), agus Éilís Ní Néadáin agus Liam Ó Néadáin (ceoltóirí traidisiúnta) agus An Lúb Liteartha; ina mbeidh beirt de mhórscríbhneoirí na Gaeilge Ré Ó Laighléis (scríbhneoir cónaithe OMN) agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh faoi agallamh ag Fionntán de Brún. Léifidh Ailbhe agus Ré sleachta óna saothar agus beidh neart deiseanna ag an lucht éisteachta a bheith páirteach sa phlé.

Gheofar tuilleadh eolais faoin bhféile ag https://campaigns.maynoothuniversity.ie/arts-and-minds/.
 

Imeachtaí as Gaeilge ag Féile Ealaíon agus Eagna Mhaigh Nuad, 8-10 Bealtaine 2025

You're very welcome to the Irish-language events as part of Maynooth Arts & Minds Festival (8-10 May).

On Friday 9 May, there will be an Oíche Scéalaíochta agus Amhránaíochta with Mairéad Éanaí from Ráth Chairn, Eithne Ní Ghallchobhair from Ard an Rátha in southwest Donegal and Stiofán Ó Briain from Maynooth University. We will also hear songs from Máire and Étáin Ní Churraoin from Ráth Chairn, who were part of the renowned series Bláth na hÓige (TG4). Tickets are available here: Oíche Scéalaíochta agus Amhránaíochta

On Saturday 10 May, there will be an Irish-language tour of Maynooth Castle, a picnic and Pop-Up Gaeltacht out in the open with Nada Ní Chuirrín (sean-nós dancer), and Éilís Ní Néadáin and Liam Ó Néadáin (traditional musicians) and An Lúb Liteartha; where two greats of Irish-language writing Ré Ó Laighléis (MU writer-in-residence) and Ailbhe Ní Ghearbhuigh will be interviewed by Fionntán de Brún. Ailbhe and Ré will read excerpts from their work and the audience will have chances to be part of the discussion.

See https://campaigns.maynoothuniversity.ie/arts-and-minds/ for more information on the festival.