Welcome to the Department of International Development

International Development enables people to critically engage in learning for a better world - a world of equality, sustainability, diversity, respect and justice for all. As such, it builds on the work of the Sustainable Development Goals, making critical connections – between local and global issues, the environment and development, people and power and between learning and action.
 
As an undergraduate subject in the Bachelor of Arts and through the post-graduate programmes: MA in International Development and  MA in International Peacebuilding, Security and Development Practice, International Development introduces students to a wide range of contemporary issues which impact on development around the world. We offer flexible learning options for postgraduate students to study full time (on campus) or part-time (hybrid delivery).

 
Studying international development prepares people for careers in a range of contexts. Our graduates work in community development, global education, development policy, project management and in humanitarian and conflict contexts, and on issues such as human rights, gender, climate action, justice, migration and empowerment. In 2022 we introduced the new one-year part time Certificate in Global Citizenship Education course.

Fáilte go dtí Roinn na Forbartha Idirnáisiúnta

Cuireann Forbairt Idirnáisiúnta ar chumas daoine dul i ngleic go criticiúil le foghlaim ar mhaithe le domhan níos fearr – domhan ina bhfuil comhionannas, inbhuanaitheacht, éagsúlacht, meas agus ceartas do chách ann. Mar sin, bíonn sí ag tógaint ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, ag cruthú nascanna atá rí-thábhachtach – idir cúrsaí aitiúla agus domhanda, idir an comhshaol agus forbairt, idir daoine agus cumhacht agus idir foghlaim agus gníomhaíocht.

Mar ábhar sa Bhaitsiléir Ealaíon agus tríd an Máistreacht san Fhorbairt Idirnáisiúnta agus tríd an Máistreacht sa Chothú Síochána Idirnáisiúnta, Slándáil agus Cleachtas Forbartha, cuireann Forbairt Idirnáisiúnta mic léinn ar an eolas maidir le réimse leathan de cheisteanna comhaimseartha a bhfuil tionchar acu ar fhorbairt timpeall an domhain. Cuirimid roghanna foghlama solúbtha ar fáil do mhic léinn iarchéime chun staidéar a dhéanamh go lánaimseartha, go páirtaimseartha, nó go cianda, ar líne.

Ullmhaíonn staidéar ar an bhforbairt idirnáisiúnta daoine chun saolta gairimiúla a bhaint amach dóibh féin i roinnt mhaith comhthéacsanna éagsúla. Oibríonn ár gcéimithe i bhforbairt pobail, oideachas domhanda, beartas forbartha, bainistíocht tionscadail, agus i gcomhthéacsanna daonnúlacha agus coimhlinte, agus ar cheisteanna a bhaineann le cearta an duine, inscne, gníomhú ar son na haeráide, ceartas, imirce agus cumhachtú. Tosaigh cúrsa bliana páirt-aimseartha againn den teideal Teastas san Oideachas Saoránachta Domhanda ar 2022.