Ireland’s National 5G Test Centre opens at Maynooth University – the €1.5 million centre is one of the first of its kind in Europe

(L-R) John Halligan TD, Minister of State for Training, Skills, Innovation, Research and Development; Prof Ronan Farrell, Director of RadioSpace; Prof Philip Nolan, President of Maynooth University and Ciarán Seoighe, Deputy Director General, SFI
Thursday, May 30, 2019 - 13:30

Irish Version

National 5G Test Centre is a unique combination of state-of-the-art equipment and research excellence

RadioSpace is designed to provide a full range of services to developers of 4G mobile networks, IoT enabled products and future 5G and mmWave devices

Maynooth University today opened Ireland’s National 5G Test Centre.  The state-of-the-art facility called RadioSpace, which represents an investment of €1.5 million, is the country’s first large-scale facility for the research and testing of radio and wireless technologies needed for 5G and the future Internet of Things.

RadioSpace, the 5G facility at Maynooth University will be open to large industry and SMEs and start-ups, and will provide a unique, large scale, interference-free facility for scientists and engineers from industry and universities, in Ireland and internationally.  It will be one of the first of its kind in Europe.

The facility consists of a specially constructed anechoic chamber that provides perfect isolation for radio signals; nothing can enter and nothing can leave.   This, with the advanced test equipment and specialist engineers, allows for very sensitive measurements to be made, essential for the development of modern wireless devices.

RadioSpace connects industry and academic researchers with the aim of addressing the full range of challenges in developing new technologies and products for the next generation of wireless devices.  RadioSpace is designed to provide a full range of services to developers of 4G mobile networks, IoT enabled products and future 5G and mmWave devices. 

The €1.5 million facility, which has received €638,000 funding from Science Foundation Ireland (SFI), is part of CONNECT - the world-leading SFI Research Centre for Future Networks and Communications.

This service is available to SMEs, and access can be facilitated via the Enterprise Ireland Innovation Voucher scheme.  This ensures that both SMEs and larger organisations can avail of the technology and expertise of researchers in Maynooth University.

Speaking at the opening of the 5G Test Centre, Minister John Halligan TD, Minister of State for Training, Skills, Innovation, Research and Development, said: “I am delighted to see first-hand the National 5G test centre at Maynooth University.  This high tech facility is very impressive and will assist Irish industry in developing future smart technology. I welcome the funding by my Department through Science Foundation Ireland and look forward to hearing about future technology announcements by industry using this 5G centre.  The development of smart technology is not slowing down and I’m delighted that Maynooth University is at the forefront of this research.”

Commenting on the launch, Professor Philip Nolan, President of Maynooth University, said: “This is a very exciting step for Maynooth University and for the country. This facility will serve as the National 5G Test Centre for Ireland, providing a space for next-generation wireless technologies to be tested, refined and applied on an international scale. I’m pleased to say that RadioSpace will be available to all those who can make good use of it, from leading researchers and innovators to students just starting their careers, from the largest multinational to the smallest of start-ups.  Until now Irish industry working in this space has needed look abroad to avail of similar facilities and I’m proud we are now in a position to provide this centre of excellence right here in Maynooth.”

Professor Ronan Farrell, Dean of the Faculty of Science and Engineering and Director of RadioSpace, said companies also will have access to academic experts in the area of wireless communications. “This facility will provide industry in Ireland and across Europe, as well as academics, a rare and valuable capability to develop new technologies, and also to explore exciting questions in radio physics and engineering.  We look forward to RadioSpace being a catalyst for increased collaboration between academia and industry, nationally and internationally.”

Dr Ciarán Seoighe, Deputy Director General of Science Foundation Ireland, commented: “Science Foundation Ireland is delighted to support the opening of RadioSpace at Maynooth University. In Ireland we have a rich community of creative and talented experts developing cutting-edge technology that will help us prepare for an ever more data-rich digital future. SFI currently funds an array of research programmes using smart sensors and data dependent analytics that will be at the core of future jobs and addressing major societal and economic challenges. It’s crucial that we give our community the resources, infrastructure and testbeds to continue to explore, research and create. I’m confident that the new National 5G Test Centre will benefit Ireland’s research and innovation greatly.”


Osclaíonn Ionad Tástála 5G Náisiúnta na hÉireann in Ollscoil Mhá Nuad – tá an t-ionad ar chostas €1.5 milliún ar cheann de na chéad ionaid den chineál seo san Eoraip
Is meascán aonaránach é an tIonad Tástála 5G Náisiúnta de threalamh úrscothach agus de shármhaitheas taighde.
Dearadh SpásRaidió chun réimse leathan de sheirbhísí a chur ar fáil dóibh siúd a fhorbraíonn líonraí móibíleacha 4G, táirgí cumasaithe d’I na nE agus gléasanna todhchaí 5G agus mmWave.
30 Bealtaine 2019:  D’oscail Ollscoil Mhá Nuad Ionad Tástála 5G Náisiúnta na hÉireann inniu. Is saoráid úrscothach í seo darb ainm SpásRaidió, a sheasann mar infheistíocht de €1.5 milliún, agus seo an chéad saoráid ar an mórchóir sa tír chun taighde agus tástálacha a dhéanamh ar theicneolaíochtaí raidió agus gan sreang a theastaíonn do 5G agus d’Idirlíon na nEarraí sa todhchaí.
Beidh SpásRaidió, an tsaoráid 5G in Ollscoil Mhá Nuad oscailte do FBManna, do thionscal ollmhór agus do ghnólachtaí nuathionscanta, agus saoráid a bheidh inti nach mbeidh a leithéid in aon áit eile, a bheidh ar an mórchóir agus nach mbeidh ladhar curtha isteach uirthi d’eolaithe agus d’innealtóirí ón tionscal agus ó ollscoileanna in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Is ar cheann de na chéad ionaid den chineál seo san Eoraip a bheidh ann.
S’éard atá i gceist leis an tsaoráid ná seomra neamh-mhacallach déanta go speisialta, a chuireann leithlisiú foirfe ar fáil do chomharthaí raidió; ní féidir le haon rud teacht isteach nó dul amach. Chomh maith le trealamh tástála ar ard-chaighdeán agus speisialtóirí innealtóireachta, éascaíonn sé do mhuintir an Ionaid tomhais atá fíor-chruinn go deo a dhéanamh. Is fíor-thábhachtach an rud é seo chun gur féidir gléasanna gan sreang nua-aimseartha a fhorbairt.
Déanann SpásRaidió nasc idir taighdeoirí tionscail agus taighdeoirí acadúla chun gur féidir leo aghaidh a thabhairt ar an réimse iomlán de dhúshláin a bhaineann le teicneolaíochtaí agus táirgí don chéad ghlúin eile de ghléasanna gan sreang a fhorbairt. Dearadh SpásRaidió chun réimse leathan de sheirbhísí a chur ar fáil dóibh siúd a fhorbraíonn líonraí móibíleacha 4G, táirgí cumasaithe d’I na nE agus gléasanna todhchaí 5G agus mmWave.
Tá an tsaoráid de chostas €1.5 milliún tar éis bheith maoinithe ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann mar chuid de CONNECT – Ionad Taighde de chuid na bhFÉE chun tosaigh ar bhonn domhanda do Líonraí Cumarsáide Todhchaí.
Tá an tseirbhís seo ar fáil do FBManna agus is féidir le rochtain ar an ionad bheith éascaithe tríd an scéim Dearbhán Nuálaíochta Fhiontraíocht Éireann.  Ciallaíonn sé seo gur féidir le FBManna agus eagraíochtaí níos mó ná sin tarraingt ar theicneolaíocht agus ar shaineolas thaighdeoirí Ollscoil Mhá Nuad.
Ag labhairt ag an oscailt don Ionad Tástála 5G, dúirt an tAire Stáit d’Oiliúint, Scileanna, Nuálaíocht, Taighde agus Forbairt: “Tá ríméad orm an tIonad Tástála 5G Náisiúnta a fheiscint dom féin. Tá an tsaoráid ardteicniúil seo tar éis dul i bhfeidhm orm go mór agus táim cinnte go gcabhróidh sé le tionscal na hÉireann agus teicneolaíocht chliste á forbairt sa todhchaí. Cuirimse fáilte roimh an maoiniú a fuair an t-ionad ó mo Roinn féin trí Fhondúireacht Eolaíochta Éireann agus táim ag súil le fógraí maidir le teicneolaíocht na todhchaí a chloisint ó mhuintir na hearnála tar éis dóibh dul i muinín an ionaid 5G seo. Níl meath ná moill ag teacht ar fhorbairt na teicneolaíochta cliste agus tá an-áthas orm go bhfuil Ollscoil Mhá Nuad chun tosaigh ó thaobh an taighde seo.”
Ag caint ag an seoladh, dúirt an tOllamh Pilib Ó Nualláin, Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad: “Is corraitheach an chéim chun tosaigh í seo d’Ollscoil Mhá Nuad agus don tír. Beidh an tsaoráid ag feidhmiú mar Ionad Tástála 5G Náisiúnta d’Éirinn, agus cuirfidh sí spás ar fáil chun an chéad ghlúin eile de theicneolaíochtaí gan sreang a thástáil, a ghlanadh agus a chur i bhfeidhm ar scála idirnáisiúnta. Tá áthas orm a rá go mbeidh SpásRaidió ar fáil do gach éinne a bhainfidh leas as, ó thaighdeoirí agus nuálaithe tosaigh go mic léinn díreach ag tosnú amach, ón ilnáisiúntach is mó go dtí an gnólacht nuathionscanta is lú. Go dtí seo in Éirinn bhí ar mhuintir na hearnála súil a chaitheamh thar sáile chun teacht ar shaoráidí den chineál seo agus táim an-bhrodúil gur féidir linn an t-ionad barr feabhais seo a chur ar fáil anseo i Má Nuad.”
Dúirt an tOllamh Ronan Farrell, Déan Dhámh na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta agus an Stiúrthóir ar SpásRaidió go mbeidh rochtain ag comhlachtaí ar shaineolaithe acadúla i réimse na cumarsáide gan sreang. “Tabharfaidh an tsaoráid seo deis annamh agus luachmhar don tionscal in Éirinn agus thar timpeall na hEorpa teicneolaíochtaí nua a fhorbairt agus ceisteanna corraitheacha i bhFisic Raidió agus san innealtóireacht a fhiosrú. Táim ag súil go mbeidh SpásRaidió ag feidhmiú mar chatalaíoch don chomhcheangal idir an saol acadúil agus an saol tionsclaíoch, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, a fhásfaidh amach anseo.”
Dúirt an Dochtúir Ciarán Seoighe, Leas-Ardstiúrthóir ar Fhondúireacht Eolaíochta Éireann, “Tá an-áthas go deo ar FÉÉ as ár gcuid tacaíochta a thabhairt d’oscailt SpásRaidió in Ollscoil Mhá Nuad. Tá pobal saibhir againn in Éirinn de shaineolaithe cruthaitheacha agus ildánacha a fhorbraíonn teicneolaíocht cheannródaíoch chun go mbeimís ullmhaithe do thodhchaí dhigiteach breac le níos mó sonraí ná riamh. Faoi láthair, tugann FEÉ maoiniú do roinnt mhaith cláracha a úsáideann anailísíocht ar bhraiteoirí cliste agus ar fhorbairt sonraí. Is i gcroílár phostanna na todhchaí a bheidh siad seo agus tabharfaidh siad aghaidh ar dhúshláin ollmhóra ó thaobh na sochaí agus na heacnamaíochta de. Is fíor-thábhachtach an rud é saoráidí, infreastruchtúr agus leapacha tástála a chur faoi bhráid ár bpobail chun go leanfaimid orainn ag fiosrú, ag déanamh taighde agus ag cruthú. Tá muinín agam go mbainfidh taighde agus nuálaíocht na hÉireann tairbhe shuntasach as an Ionad Tástála 5G Náisiúnta nua.”