The Data Protection Act 1988 and (Amendment) Act 2003

Data Protection is the safeguarding of the privacy rights of individuals in relation to the processing of personal data. The Data Protection Acts 1988 and 2003 confer rights on individuals as well as responsibilities on those persons processing personal data.

The Data Protection legislation was introduced to regulate the collection, processing, keeping, use and disclosure of personal data and to give individuals access to their data and allow them to amend it if incorrect.

The Data Protection (Amendment) Act 2003 means that Data Protection now covers manual records as well as electronic records.
All staff at the National University of Ireland, Maynooth should be familiar with the Data Protection Acts and the responsibilities they place on each of us when processing personal information.

For example, when you create a record, which contains personal data, not only should it remain confidential but you are also obliged to keep it safe, secure and only use it for the purpose for which it was collected.

All staff should be familiar with the University's Data Protection Policy and Data Protection Procedures

An tAcht um Chosaint Sonraí, 1988 agus an tAcht um Chosaint Sonraí (Leasú), 2003 

Is éard atá i gceist le Cosaint Sonraí ná an chosaint a dhéantar ar chearta príobháideachais an duine agus a shonraí pearsanta á phróiseáil. Tugann An tAcht um Chosaint Sonraí, 1988 agus an tAcht um Chosaint Sonraí (Leasú), 2003 cearta do dhaoine aonair agus lena chois sin, cuireann sé dualgais ar na daoine aonair a dhéanann próiseáil ar shonraí pearsanta.
 
Tugadh reachtaíocht Cosanta Sonraí isteach le rialú a dhéanamh ar bhailiú, ar phróiseáil, ar choinneáil, ar úsáid agus ar nochtadh sonraí pearsanta agus le deis a thabhairt do dhaoine aonair rochtain a fháil ar a gcuid sonraí agus cead a thabhairt dóibh leasú a dhéanamh ar na sonraí sin más rud é go bhfuil an t-eolas mícheart.
 
Mar thoradh ar an Acht um Chosaint Sonraí (Leasú), 2003, baineann Cosaint Sonraí le heolas a choinnítear i dtaifid láimhe agus i dtaifid leictreonacha.
 
Ba cheart go mbeadh cleachtadh ag an bhfoireann go léir in Ollscoil Mhá Nuad ar an na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus ar na dualgais a chuireann na hAchtanna sin orainn agus sonraí pearsanta á bpróiseáil againn.
 
Mar shampla, nuair a chruthaíonn tú taifead ina bhfuil sonraí pearsanta ann, ba cheart na sonraí sin a choinneáil faoi rún. Lena chois sin, tá dualgas ort an t-eolas a choinneáil slán agus sábháilte agus úsáid a bhaint as do chríocha sonraithe amháin.
 
Ba cheart go mbeadh cleachtadh ag an bhfoireann go léir ar Pholasaí um Chosaint Sonraí na hOllscoile agus ar Nósanna Imeachtaí na hOllscoile ina leith.