Oifigeach na Gaeilge Aontas na Mac Léinn tofa ina urlabhraí náisiúnta

Tuesday, March 31, 2015 - 00:00

Toghadh Aedraen Ó Dubhghaill, Oifigeach na Gaeilge Aontas na Mac Léinn in Ollscoil Mhá Nuad, mar Leas-Uachtarán don Ghaeilge in Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) le déanaí.
 
Beidh Aedraen ina urlabhraí náisiúnta do mhic léinn ó thaobh cúrsaí Gaeilge de sa tír agus beidh sé freagrach as stádas na Gaeilge a chinntiú in AMLÉ chomh maith. Suífidh Aedraen ar bhord an Aontais in éineacht le ceathrar leas-uachtarán eile a bheidh faoi chúram an uachtaráin. 
 
Tá sé mar sprioc ag Aedraen i mbliana suirbhé náisiúnta a chur ar siúl i measc na gcumann is cuallachtaí Gaeilge, sula gcasann na mic léinn le chéile ag tús mhí Dheireadh Fómhair.
 
“Tá áthas an domhain orm gur roghnaigh mic léinn AMLÉ mé don ról seo,” arsa Aedraen. 
 
“Táim ag súil go mór leis is ról. Tuigim go bhfuil go leor dúshláin os mo chomhair agus go mbeidh sé thar a bheith deacair. Ach sin ráite táim dóchasach agus tá foireann den scoth ar mo thaobh agus measaim go mbeidh muid in ann na spriocanna seo a bhaint amach.”