Qualification : MASTER OF ARTS DEGREE
Award Type and NFQ level : TAUGHT MASTERS (9)
CAO/PAC code : MHU50
CAO Points :
Closing Date : 15 August 2022
Eolas faoin gCúrsa
Is féidir an chéim seo a dhéanamh go lánaimseartha (bliain amháin) nó go páirtaimseartha (dhá bhliain). Trí mheán scrúduithe agus tionscnaimh taighde a dhéantar obair na mac léinn a mheas.
Bíonn deis ag mic léinn tabhairt faoi thograí sa chleachtas cruthaitheach i réimse na dtaibhealaíon, an traidisiúin bhéil, agus/nó na scríbhneoireachta cruthaithí mar chuid den chúrsa chomh maith más mian leo. Chomh maith leis seo, bíonn rogha ag an mac léinn idir tráchtas (NG699) agus togra sa taighde ealaíonta (NG637). Tá roghanna iontacha ann do mhic léinn sa chúrsa seo laistigh de na conairí éagsúla atá ar fáil dóibh:
- Cruinneas, Saibhreas, agus Cumarsáid (Na Meáin)
- Litríocht agus Critic
- Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge
- An MA Nua-Ghaeilge ginearálta
Riachtanais Iontrála
Bunchéim Onóracha le Dara hOnóracha grád 2 (II.2) ar a laghad sa Nua-Ghaeilge agus grád II.1 ar a laghad i modúil na teanga. Bíonn agallamh i gceist mar chuid den mheasúnú iontrála.

Academic

Academic
Struchtúr an Chúrsa
Is é aidhm an MA againn go gcuirfidh mic léinn eolas domhain ar roinnt gnéithe de theanga, de chultúr agus de litríocht na Nua-Ghaeilge (ó 1200 AD i leith) agus go mbeidh saineolas acu ar réimse amháin díobh sin de bharr a gcuid taighde.
Tá ceithre chonair ar fáil do mhic léinn mar chuid den MA Nua-Ghaeilge:
- Cruinneas, Saibhreas, agus Cumarsáid (Na Meáin)
- Litríocht agus Critic
- Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge
- An MA Nua-Ghaeilge ginearálta
Seo hiad na cóid ar an gcóras PAC ar líne le cur isteach ar aon cheann de na roghanna 1-4 thuas: MHU50 Lánaimseartha NÓ MHU51 Páirtaimseartha.
Tá tuilleadh eolais faoi na sruthanna MA thuas le fáil ar shuíomh idirlín Roinn na Nua-Ghaeilge.
Cur isteach ar an gCéim
Iarratas ar líne amháin http://www.pac.ie/maynoothuniversity
Cód PAC
MHU50 Lánaimseartha
Ba cheart an t-eolas seo a leanas a chur ar aghaidh chuig PAC
Diarrthóirí nár bhain an bhunchéim amach in Ollscoil Mhá Nuad: cóip dá dteastas breithe nó de phas bailí, tras-scríbhinn oifigiúil agus dhá theistiméireacht acadúla mar thacaíocht lena n-iarratas.