Close

DIOPLÓMA IARCHÉIME SAN AISTRIÚCHÁN AGUS SAN EAGARTHÓIREACHT (AR LÍNE)

Qualification : DIOPLÓMA IARCHÉIME SAN AISTRIÚCHÁN AGUS SAN EAGARTHÓIREACHT

Award Type and NFQ level : POSTGRADUATE DIPLOMA (9)

CAO/PAC code : MH51C

CAO Points :

Closing Date : 23 June 2024

View FETAC details

Cúlra

De bhrí go bhfuil ardú stádais bainte amach ag an nGaeilge in Éirinn agus san Eoraip le roinnt blianta anuas, tá méadú tagtha ar an éileamh atá ar dhaoine a bhfuil ardscileanna teanga acu sa Ghaeilge. Cuireadh an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht ar bun sa bhliain 2007 le freastal ar an éileamh sin, agus tá idir rath agus ráchairt air ó shin i leith.

Forléargas

Tá an Dioplóma Iarchéime/MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga, agus scileanna aistriúcháin agus eagarthóireachta a fhoghlaim. Cúrsa praiticiúil atá ann ina ndírítear ar chruinneas Gaeilge agus ar chúrsaí stíle, ar fhadhbanna a thagann chun cinn go minic san aistriúchán Béarla–Gaeilge, ar ghnéithe den teoiric a bhfuil feidhm phraiticiúil leo, ar scileanna teicneolaíochta, agus ar chleachtais ghnó agus ghairmiúla in earnáil an aistriúcháin agus na heagarthóireachta. Cuirtear béim láidir ar scileanna eagarthóireachta sa chúrsa freisin, sa dóigh is go mbeidh na rannpháirtithe in ann a saothar féin agus saothar daoine eile a athbhreithniú go héifeachtach. 

Cé go bhfuil an clár dírithe go príomha ar dhaoine atá ag obair mar aistritheoirí cheana féin agus ar dhaoine a bhfuil sé i gceist acu dul ag obair san earnáil sin, rachadh sé chun sochair freisin do dhaoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge in earnáil ar bith agus ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.

Is cúrsa ar líne é an Dioplóma Iarchéime/MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht, rud a fhágann gur féidir le mic léinn ó gach cearn den domhan tabhairt faoi. Agus de bhrí gur cúrsa páirtaimseartha é, beidh rannpháirtithe in ann freastal air in ainneoin cúraimí eile oibre nó teaghlaigh a bheith orthu.

Cáilíocht: Dioplóma Iarchéime / MA

Is cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain é an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht, agus bronnfar Dioplóma Iarchéime orthu siúd a bhainfidh an pasmharc de 60% amach ag deireadh an chúrsa. Tabharfar deis do na mic léinn sin a bhainfidh 65% nó os a chionn amach sa Dioplóma Iarchéime tráchtas a scríobh agus MA a bhaint amach. Is idir mí Mheán Fómhair agus mí Lúnasa, tar éis dóibh an Dioplóma Iarchéime a chríochnú, a bheidís ag gabháil don chéim bhreise sin.

Scoláireachtaí agus duaiseanna

Bronnfar scoláireachtaí ar fiú táillí iomlána an chúrsa iad ar an mbeirt is fearr a chruthóidh sa scrúdú iontrála. Ní chuirfear san áireamh ach na hiarrthóirí a thugann faoin bpríomhscrúdú iontrála, scrúdú ar líne ar an Aoine 28 Meitheamh 2024,  agus na scoláireachtaí á mbronnadh; má chailleann iarrthóir an príomhscrúdú iontrála sin, seans go dtabharfar deis dó an scrúdú iontrála a dhéanamh ar dháta eile chun áit a ghnóthú ar an gcúrsa, ach ní bheidh sé i dteideal ceann de na scoláireachtaí, fiú má ghnóthaíonn sé ceann de na marcanna is airde sa scrúdú sin.

Ceisteanna coitianta

Tá freagraí ar na ceisteanna is coitianta a bhíonn ag daoine faoin gcúrsa ar fáil anseo.

Riachtanais iontrála

1.  Bunchéim (ní gá gur céim sa Ghaeilge a bheadh ann).

2.  Pas i scrúdú iontrála teanga (gramadach, ceartúsáid na teanga, aistriúchán agus píosa scríbhneoireachta). Tá scrúdú samplach iontrála ar fáil ach cliceáil anseo thíos.

Scrúdú iontrála

3.  Agallamh

Beidh an scrúdú iontrála ar siúl ar líne Dé hAoine, an 28 Meitheamh 2024.

Tábhachtach: Bronnfar scoláireachtaí ar fiú táillí iomlána an chúrsa iad ar an mbeirt is fearr a chruthóidh sa scrúdú iontrála. Ní chuirfear san áireamh ach na hiarrthóirí a thugann faoin bpríomhscrúdú iontrála (28 Meitheamh 2024) agus na scoláireachtaí á mbronnadh.  Má chailleann iarrthóir an príomhscrúdú iontrála sin, seans go dtabharfar deis dó an scrúdú iontrála a dhéanamh ar dháta eile chun áit a ghnóthú ar an gcúrsa, ach ní bheidh sé i dteideal ceann de na scoláireachtaí, fiú má ghnóthaíonn sé ceann de na marcanna is airde sa scrúdú sin.

Tá líon teoranta spásanna ar fáil ar an gcúrsa seo. Tabharfar tairiscintí d’iarrthóirí bunaithe ar na marcanna a gheobhaidh siad sa scrúdú scríofa.  B’fhéidir go dtarlóidh go mbeidh Lárionad na Gaeilge ag iarraidh iarrthóirí a chur faoi agallamh mar chuid den phróiseas iarratais.  

Fad an chúrsa 

Is cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain é an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (ar líne).

Tabharfar deis do na mic léinn sin a bhainfidh an caighdeán cuí amach sa Dioplóma Iarchéime (65% nó os a chionn) MA a bhaint amach. Is idir mí Mheán Fómhair agus mí Lúnasa, tar éis dóibh an Dioplóma Iarchéime a chríochnú, a bheidís ag gabháil don chéim bhreise sin. Tá líon na n-áiteanna ar an gclár MA teoranta.  

Modh teagaisc

Is cúrsa ar líne é an Dioplóma Iarchéime/MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht. Foilsítear ábhar an chúrsa ar an ardán ríomhfhoghlama Moodle, agus is féidir leis na mic léinn staidéar a dhéanamh ar na nótaí agus tabhairt faoi na cleachtaí ag am a oireann dóibh féin. Cuireann an teagascóir aiseolas an-mhion ar fáil i gcás gach cleachtaidh. Reáchtáiltear ranganna beo ar líne mar thacaíocht bhreise, agus cuirtear taifeadadh ar fáil de na ranganna sin dóibh siúd nach féidir leo freastal ar na ranganna. Reáchtáiltear seimineár lae uair sa bhliain le deis a thabhairt do na mic léinn scileanna praiticiúla a fhoghlaim, agus baintear leas as fóram plé chun teagmháil rialta agus díospóireacht a chothú idir an teagascóir agus na mic léinn. 

Measúnú

Beidh scrúdú le déanamh ar líne i ngach modúl i mí Eanáir agus i mí na Bealtaine. Beidh mórthascanna le déanamh ag na mic léinn i gcaitheamh na bliana. Tá tuilleadh eolais faoi na scrúduithe agus faoi na mórthascanna sa chur síos ar na modúil éagsúla.

Is é 60% an pasmharc sa Dioplóma Iarchéime agus san MA araon. Ní thabharfar deis tráchtas a scríobh agus MA a bhaint amach ach do mhic léinn a gheobhaidh 65% nó os a chionn i scrúduithe an Dioplóma Iarchéime.

Cáilíocht

Is fiú 60 ECTS an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht agus is fiú 90 ECTS an MA. Tá an Dioplóma Iarchéime agus an MA araon ag leibhéal a naoi ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

Riachtanais fágála, Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) agus an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge

Agus iad ag ceadú maoiniú d’institiúidí faoin Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge, leag an tÚdarás um Ard-Oideachas agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta síos an coinníoll go mbeidh ar iarrthóirí a bheidh ag críochnú na gcúrsaí atá maoinithe faoin scéim sin in 2024 tabhairt faoi Scrúdú TEG Ardleibhéal 1 (C1) in 2024 nó a léiriú go bhfuair siad pas sa scrúdú sin in 2022 nó in 2023.

Tá eolas faoi dhátaí scrúduithe TEG ar fáil anseo. 

Tá gach eolas faoi na scrúduithe (siollabas, scrúduithe samplacha, ceisteanna coitianta) le fáil anseo.   

Cé go bhfuil sé éigeantach tabhairt faoi Scrúdú TEG Ardleibhéal 1 (C1), meabhraítear d’iarrthóirí gur fúthu féin atá sé an t-ullmhúchán cuí a dhéanamh, agus nach mbeidh aon tionchar ag na torthaí a gheobhaidh siad sa scrúdú sin ar an gcáilíocht a bhronnfaidh Ollscoil Mhá Nuad orthu.

Course Duration: Cúrsa páirtaimseartha ar líne thar dhá bhliain

Cé go bhfuil an clár dírithe go príomha ar dhaoine ar mian leo a bheith ag obair mar aistritheoirí agus mar eagarthóirí, agus ar dhaoine atá ag obair sna hearnálacha sin cheana féin, rachadh sé chun sochair freisin do dhaoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge in earnáil ar bith agus ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.

Tá céimithe de chuid an chúrsa seo ag obair i réimse leathan ról – mar aistritheoirí, léitheoirí profaí, eagarthóirí, dlítheangeolaithe, oifigigh Ghaeilge, múinteoirí agus léachtóirí, cuir i gcás.  Tá poist bainte amach acu in institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh, i ranna agus eagraíochtaí Stáit, i ngníomhaireachtaí aistriúcháin, i scoileanna agus ollscoileanna, sna meáin, agus i gcomhlachtaí foilsitheoireachta.

Aiseolas ó chéimithe an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht

"Chuir mé spéis sa chúrsa an chéad lá riamh, mar cé go raibh mé ag obair mar aistritheoir, ní raibh aon cháilíocht ghairmiúil agam i léann an aistriúcháin. Lena chois sin, bhí mé ag iarraidh feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge le tamall. Chuidigh an cúrsa liom an dá sprioc sin a bhaint amach. Is iontach an léargas a thugtar sna léachtaí ar gach gné den aistriúchán. Déantar cur síos ar chineálacha éagsúla téacs agus tugtar treoir conas dul i ngleic leo go héifeachtach. Sin ráite, is cúrsa praiticiúil é agus is iad na cleachtaí seachtainiúla a iarrtar ar na mic léinn a dhéanamh an chuid is luachmhaire de. Bhí deis againn tabhairt faoi gach aon seánra, téacsanna reachtaíochta, tuarascálacha, bileoga eolais, fógraí agus saothair litríochta ina measc. Gach uair, fuair muid aiseolas cuimsitheach ón teagascóir, idir cheartúcháin agus mholtaí spreagúla le go bhféadfadh muid barr feabhais a chur ar ár gcuid scríbhneoireachta. D’fhoghlaim muid bunscileanna téarmaíochta agus conas eagarthóireacht a dhéanamh ar aistriúchán. Go deimhin, ba dheacair ullmhúchán ní b’fhearr a shamhlú le dul ag obair mar aistritheoir gairmiúil. Molaim go mór é!” 

-INDREK 2020

"Bhain mé sult agus tairbhe as an Dioplóma Iarchéime. Na buanna is mó atá ag an gcúrsa dar liom ná gur féidir dul dó go páirtaimseartha agus gur féidir a bheith lonnaithe in áit ar bith. Tá na léachtaí suimiúil agus cuimsítear réimse leathan ábhar iontu. Fuaireas tuiscint mhaith ar cheird agus ar ealaín an aistriúcháin. Fuaireas aiseolas rialta mionsonraithe a chabhraigh go mór liom. Chuir an cúrsa go mór le mo thuiscint ar an nGaeilge, go háirithe gnéithe den teanga nach ndírítear orthu in áiteanna eile. Is fearr i bhfad mo thuiscint ar stíl, ar dhul na Gaeilge, agus ar an ngá a bheith intuigthe agus soiléir, leis. Tá an téarmaíocht theicniúil agam an t-ábhar a phlé, leis. Chuir an cúrsa seo ar mo chumas cinntí dlisteanacha a dhéanamh i gcásanna a bhfuil doiléire nó flúirse roghanna ann sa Ghaeilge. Molaim é.'

-EOIN, 2018

“Ní dócha gur mór an méid daoine atá i mbun scríobh na Gaeilge nach dtagann amhras éigin orthu faoina mbíonn á scríobh acu maidir le cruinneas agus le stíl. Fiú an té a bhfuil ardchumas aige nó aici sa teanga, bíonn gá aige le treoir agus le critic lena chumas a fheabhsú agus tugtar an chabhair agus an treoir sin duit ar an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht... Pléitear na fadhbanna a ghabhann leis an aistriúchán go Gaeilge agus na cineálacha éagsúla aistriúcháin. Tugtar aiseolas luachmhar ar na cleachtaí a thugtar agus cuirtear ar a shúile don mhac léinn na gnéithe den teanga scríofa aige atá lochtach nó lag. Ba mhór an chabhair an t-eolas agus an treoir a tugadh dom agus mé i mbun an chúrsa agus mholfainn go mór é don té ar spéis leis scríobh na Gaeilge.”
– TADHG, 2015

 “Bhí an t-aiseolas a thug na hoidí ó thús deireadh an chúrsa ar fheabhas... Braithim anois go bhfuil tuiscint níos fearr agam ar an rud is aistriúchán maith ann agus gur féidir liom díriú ar ábhar ar bith ach tarraingt ar an dea-chomhairle agus ar an oiliúint a cuireadh ar fáil dom ar an gcúrsa Dioplóma.”
– CLARE, 2014 

“Toisc gur cúrsa páirtaimseartha atá ann a chuirtear ar fáil ar líne, bhí an deis agam leanúint le mo chuid oibre agus feabhas a chur ar mo scileanna teanga ag an am céanna... Tá na scileanna a d’fhoghlaim mé agus mé ag gabháil don Dioplóma Iarchéime tar éis dul chun sochair go mór dom i gcomhthéacs na hoibre."
– ORLA, 2013

“Tá na scileanna a shealbhaigh mé le linn an chúrsa aistriúcháin fíorluachmhar anois. Ní hamháin sin ach tá tuiscint i bhfad níos doimhne agam ar ghramadach na Gaeilge, scil eile atá fíorthábhachtach agus mé ag scríobh gach lá.”
– ÚNA, 2012

“Dhá phríomhbhua atá ag an gcúrsa seo: a fheabhas atá sé ó thaobh cruinneas Gaeilge agus scileanna aistriúcháin de, agus an deis a thugann sé d’ábhair aistritheoirí cáilíocht phraiticiúil a bhaint amach go páirtaimseartha cibé áit ina bhfuil siad, as siocair gur cúrsa ar líne é.”
– AUSTIN, 2010

“Bhí fiúntas as cuimse san aiseolas a thugtaí faoin obair leanúnach agus […] is mór an tairbhe a bhainim as ar fhoghlaim mé ar an gcúrsa le linn mo chuid oibre mar aistritheoir sa Choimisiún Eorpach.”
– ROIBEARD, 2010

“Nuair a rinne mé an cúrsa bhí mé ag obair sa státchóras agus ba mhór an buntáiste é don rannóg ina raibh mé go raibh duine leis na scileanna agus an tuiscint ar theoiric an aistriúcháin ar fáil go hinmheánach. Táim ag obair le cúrsaí eagarthóireachta anois agus bím ag obair ar rudaí difriúla an t-am ar fad, mar shampla, ailt d’irisleabhair agus scripteanna teilifíse.”
– MARIE, 2009

Déan iarratas ar líne ag http://www.pac.ie/maynoothuniversity

Cód PAC don Dioplóma Iarchéime: MH51C

Ní mór cóipeanna dearbhaithe de thras-scríbhinní torthaí oifigiúla, nach cáilíochtaí de chuid Ollscoil Mhá Nuad iad, a chur leis an iarratas.

Iarrtar ar iarrthóirí nár bhain an chéim amach in Ollscoil Mhá Nuad cóip dá dteastas breithe nó dá bpas (bailí), chomh maith le hainmneacha beirt mholtóirí acadúla, a chur faoi bhráid PAC freisin.

Is féidir na nithe thuas a sheoladh chuig PAC, 1 Cearnóg Theach na Cúirte, Gaillimh, nó iad a uaslódáil chuig suíomh gréasáin PAC.

Back to top