Current responsibilities include;

  • Developing a framework for monitoring the progress and performance of the university against its strategic plan;
  • Implementing the university quality assurance programme;
  • Providing oversight of the Institutional Research Office, the Quality Office and the Higher Education Policy Unit;
  • Managing Maynooth University ’s engagement with strategic inter-institutional partnerships.

The Institutional Research Office undertakes research to support the University Executive in monitoring the implementation of the University Strategic Plan.
The Quality Promotion Office facilitates the implementation of reviews that enable the academic, administrative and support units of the university to demonstrate the effectiveness of its quality assurance procedures and its commitment to continuous quality improvement.

Cuimsionn tascanna reatha;

  • Creat a fhorbairt trína ndéanfar monatóireacht ar dhul chun cinn agus ar fheidhmíocht na hollscoile i gcomparáid lena plean straitéiseach;
  • Clár um dhearbhú cáilíochta na hollscoile a chur i ngníomh;
  • Maoirseacht a dhéanamh ar an Oifig um Thaighde Institiúideach, ar an Oifig Cáilíochta agus ar an Aonad Polasaí Ardoideachais;
  • Bainistíocht a dhéanamh ar rannpháirtíocht Ollscoil Mhá Nuad i gcomhpháirtíochtaí straitéiseacha le hinstitiúidí eile.

Gabhann an Oifig um Thaighde Institiúideach do thaighde chun tacú le Feidhmeannacht na hOllscoile agus iad i mbun monatóireachta ar Phlean Straitéiseach na hOllscoile.
Tríd an Oifig Cothaithe Feabhais, seoltar athbhreithnithe a chuireann ar chumas aonaid acadúla, riaracháin agus tacaíochta na hollscoile léiriú a thabhairt ar a éifeachtaí atá a nósanna imeachta um dhearbhú cáilíochta agus a thiomanta atá sí i leith feabhsú leanúnach a dhéanamh ar cháilíocht.