Scoláireachtaí bainte ag Miriam Fitzsimons agus Daniel Watson

Miriam leis an Ollamh
Tuesday, December 18, 2018 - 16:00

Tá Scoláireacht Uí Dhonnabháin Scoil an Léinn Cheiltigh san Institiúid Ard-Léinn bainte ag Daniel Watson atá i ndiaidh a thráchtas dochtúireachta faoi stiúir an Dr Elizabeth Boyle a leagan isteach. Is é ábhar a chuid taighde ná Philosophy in Early Medieval Ireland: Nature, Hierarchy and Inspiration. Rachaidh Daniel i mbun oibre i mí Eanáir seo chugainn ar fhealsúnacht na ndaoine sa Mheánaois.
 
Crothnóidh muid Daniel, a tháinig chugainn as Ceanada ceithre bliana ó shin ar Scoláireacht Hume le tabhairt faoina thráchtas. Mar sin féin, is mór againn go bhfuil an gradam seo bronnta air agus guíonn muid gach rath agus sonas air agus é ag tabhairt faoin chéad chéim eile dá shaol acadúil. Tá muid iontach bródúil as Daniel agus beidh muid ag súil go bhfeice muid a chéile arís agus an comhoibriú idir ár ndá institiúid ag dul ó neart go neart.
 
Tá Scoláireacht Chiste Theach an Ardmhéara sa Ghaeilge bainte ag Miriam Fitzsimons, a chríochnaigh an BA le Roinn na Nua-Ghaeilge an samhradh seo chuaigh thart agus atá anois ag tabhairt faoin MA leis an Roinn. Bronntar an scoláireacht ar an duine is fearr a chruthaigh i scrúduithe bhliain na céime sna ceithre ollscoil. Déanann muid comhghairdeachas ó chroí le Miriam. Tá muid iontach bródúil aisti.  
 
Bronnadh an scoláireacht ar Mhiriam i dTeach an Ard-Mhéara ar an 13 Samhain.