Dr Tracey Ní Mhaonaigh

Gaeilge agus fáilte
Ceann Roinne
Biography
Rinne Tracey a B.A., M.Litt. agus Ph.D. anseo in Ollscoil Mhá Nuad. Thosaigh sí ag teagasc anseo sa bhliain 2000 agus fuair sí post buan léachtóireachta in 2008.
Le linn di a bheith i mbun na dochtúireachta, chaith sí tamall ag obair leis an gCoiste Téarmaíochta i mBaile Átha Cliath, i mbun ranganna le Conradh na Gaeilge, agus ag feidhmiú mar shaoraistritheoir anuas ar a cuid oibre mar léachtóir páirtaimseartha agus teagascóir. I measc na dtionscnamh aistritheoireachta a raibh baint aici leo, bhí: tiontú Windows XP go Gaeilge, pacáiste Gaeilge Rosetta Stone, an cluiche iománaíochta le haghaidh Playstation, chomh maith le cáipéisí airgeadais, dlíthiúla agus straitéise a aistriú do scata eagraíochtaí éagsúla.
Tá sí ina Leas-Déan ar Dhámh na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na Fealsúnachta, agus í ina ball de scata coistí éagsúla san Ollscoil, dhá choiste teagaisc agus foghlama, bord na n-achomharc agus an chomhairle acadúil ina measc.

Research Interests
Tá spéis ar leith ag Tracey in oidhreacht Ghaeilge Choláiste Phádraig, Má Nuad (agus ról Chuallacht Cholm Cille san oidhreacht chéanna), agus i dteanga, litríocht agus oidhreacht Iarthar Chiarraí.
Tá sí ina heagarthóir ar an iris Ghaeilge is sine atá fós á cur amach, Irisleabhar Mhá Nuad.
Le ceithre bliana anuas tá dhá leabhar curtha amach aici, As Tobar an Doibhlinigh (2015) agus Tháinig do Litir... (2017). Bailiúchán, atá sa chéad cheann, de rogha scríbhneoireachta de chuid Bhreandáin Uí Dhoibhlin, iar-Ollamh le Fraincis in Ollscoil Mhá Nuad agus Athair Scoil na Nua-Chritice sa Choláiste. Is scríbhneoir ildánach é Breanán, a bhfuil an t-uafás scríofa aige in imeacht na mblianta ar réimse leathan ábhar, litríocht agus critic na Gaeilge ina measc, i réimse leathan formáidí, lena n-áirítear, úrscéalta, aistí, ailt scolártha, ábhar cráifeach, dráma, aistriúcháin, ailt nuachtáin, srl. Chun blaiseadh a thabhairt do léitheoirí d'oidhreacht shaibhir an Doibhlinigh agus den chomaoin faoina bhfuil lucht uile na Gaeilge aige, a tugadh faoin saothar seo a chur le chéile.
Sé atá sa dara leabhar, an comhfhreagras idir an tAthair Peadar Ó Laoghaire agus Beirt Fhear (taobh an Athar Peadar de) atá ar coimeád i Leabharlann an Ruiséalaigh. 99 litir atá sa chnuasach a scríobhadh idir 1899 agus 1917, tréimhse fíorthábhachtach i scéal na hathbheochana Gaeilge. Anuas ar na litreacha iad féin, cuireadh breis agus 50 aguisín leis chun cuidiú le léitheoirí bearnaí sa chomhfhreagras a líonadh.
Tá obair leanúnach á déanamh aici ar an mórshaothar foclóireachta Croidhe Cainnte Chiarraighe (a thiomsaigh Seán Óg Ó Caomhánaigh). Cnuasach de bhreis agus 2 mhilliún focal atá anseo de Ghaeilge Iarthar Chiarraí, agus Chorca Dhuibhne go háirithe. Rinne sí anailís ar an gcnuasach seo don Dochtúireacht, agus tá leagan leictreonach den téacs curtha ar fáil anois aici ar shuíomh Fhoras na Gaeilge (https://www.forasnagaeilge.ie/fuinn/an-gum/croidhe-cainnte-ciarraighe/).

Book Chapter
Edited Book
Peer Reviewed Journal
Year | Publication | |
---|---|---|
2017 | Ní Mhaonaigh, Tracey (2017) 'Croidhe Cainnte Chiarraighe agus Foclóir an Duinnínigh'. COMHARTaighde, 3 :2-11. [Link] [Full-Text] | |
2015 | An Dr Tracey N Mhaonaigh (2015) 'Oidhreacht an Athar Peadar: Croidhe Cainnte Chiarraighe agus 'caint na ndaoine''. Leachtai Cholm Cille, Leachtai Cholm Cille XLV :48-79. [Full-Text] | |
2009 | N Mhaonaigh, T. (2009) 'Scéal Sheáin Óg agus a Ollsaothair Foclóireachta'. Comhar, 69 :12-14. [Full-Text] | |
2009 | N Mhaonaigh, T. (2009) 'Croidhe Cainnte Chiarraighe: Scéal na gComhaontuithe'. BLIAINIRIS, 9 :79-111. [Full-Text] | |
2007 | Ní Mhaonaigh, T. (2007) 'Éacht Foclóireachta: Croidhe Cainnte Chiarraighe le Seán Óg Ó Caomhánaigh'. BLIAINIRIS, 7 :204-228. |
Other Journal
Year | Publication | |
---|---|---|
2022 | Ní Mhaonaigh, Tracey (2022) 'St Patrick's College, Maynooth, the Irish language revival effort and the Meath-men who made their mark' Ríocht na Midhe, XXXIII (2022) :198-220. | |
2022 | Tracey Ní Mhaonaigh (2022) 'Léirmheas ar LCC 52' Comhar, 82 (11) :21-23. [Link] | |
2019 | Tracey Ní Mhaonaigh (2019) 'The life and legacy of Eoghan Ó Gramhnaigh: 120 years on' Ríocht na Midhe, XXX :238-264. | |
2020 | Ní Mhaonaigh, T (2020) 'Léachtaí Cholm Cille I (1970)–L (2020): Innéacs' Léachtaí Cholm Cille L, L :181-251. | |
2018 | Tracey Ní Mhaonaigh (2018) 'Stair Chuallacht Cholmcille' Irisleabhar Mhá Nuad 2018, 2018 :1-35. | |
2017 | Ní Mhaonaigh, Tracey (2017) 'Traidisiún Irisleabhar Mhá Nuad' Irisleabhar Mhá Nuad, 2017 :7-15. |
Conference Publication
Conference Contribution
Article
Year | Publication | |
---|---|---|
2022 | Tracey Ní Mhaonaigh (2022) The man from Co Meath who had at least 10 funerals. Baile Átha Cliath: ARTCL [Link] | |
2021 | Tracey Ní Mhaonaigh (2021) Colm Cille agus Mic Léinn Choláiste Phádraig, Maigh Nuad. ARTCL | |
2017 | Tracey Ní Mhaonaigh (2017) 120 Bliain ag Fás. Maynooth University: ARTCL [Link] | |
2016 | Ní Mhaonaigh, Tracey (2016) Deireadh Ré. Maynooth: ARTCL [Link] |
Magazine Article
Year | Publication | |
---|---|---|
2013 | Ní Mhaonaigh, Tracey & Ó Dúshláine, Tadhg (2013) A Blasket Bore: Reviewing the Review. [Magazine Article] [Full-Text] |
Edited Journal Issue
Certain data included herein are derived from the © Web of Science (2023) of Clarivate. All rights reserved.