Luke Callinan

Lárionad na Gaeilge

Tástálaí Teanga / TEG Language Tester

About

Tá Luke ina Thástálaí Teanga le Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) ó earrach na bliana 2022 agus bíonn sé ag plé le gnéithe éagsúla den chóras scrúduithe. Tá tréimhse caite aige mar theagascóir agus mar chomhalta taighde/teagaisc in Ollscoil na Gaillimhe. Bhí sé ina bhall de mheithle taighde a réitigh Plean Teanga do Chathair na Gaillimhe (2020-2026) agus Plean Teanga do Chaisleán an Bharraigh (2021-2028) d’fhonn stádas mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta a bhaint amach don dá bhaile sin. Tá BA le Léann na hÉireann (Gaeilge agus Stair) maille le Máistir Ealaíon sa Nua-Ghaeilge aige ó Ollscoil na Gaillimhe.