Elisaveta Everard

School of Celtic Studies, Lárionad na Gaeilge

Tástálaí Teanga / TEG Language Tester

About

Is teagascóir í Elisaveta agus tá sí ina comhordaitheoir ar cheardlanna na tríú bliana sa Ghaeilge freisin. Déanann sí ceardlanna a theagasc, ábhar teagaisc agus tascanna measúnaithe a dhearadh, obair chúrsa a cheartú agus a mharcáil, agus an dea-chleachtas sa teagasc agus sa tástáil teanga a chur chun cinn i gcónaí. Bíonn baint aici le tionscadail taighde an Lárionaid chomh maith.

Tá BA sa Nua-Ghaeilge agus sa Fhraincis agus MA sa Nua-Ghaeilge ag Elisaveta ó Ollscoil Mhá Nuad agus tá sí ag tabhairt faoin Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus Eagarthóireacht (ar líne) faoi láthair. Bronnadh Duais Chiste Theach an Ardmhéara uirthi sa bhliain 2019 tar éis di an bhunchéim a bhaint amach agus ghnóthaigh sí an chéad duais i gcomórtas Duaiseanna an Dr T.K. Whitaker sa bhliain 2020 as an taighde a rinne sí don MA sa Nua-Ghaeilge, taighde a bhain leis an tionchar a bhíonn ag cineálacha éagsúla tascanna measúnaithe ar chruinneas na Gaeilge labhartha.

Bhain an togra taighde ba dheireanaí a bhí idir lámha aici le hanailís a dhéanamh ar ghnéithe den bhailíocht i mbéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta. Rinneadh an taighde seo i gcomhar le baill eile de Lárionad na Gaeilge le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).

Tá spéis aici i bhfoghlaim an dara teanga, sa teagasc agus tástáil teanga agus i gcúrsaí aistriúcháin. Tá Gaeilge, Béarla, Rúisis agus Fraincis líofa aici chomh maith le beagáinín Spáinnise.