‘Ó Thrácht go Twitter’

Tuesday, October 17, 2017 - 16:00

Tá an Dr Máire Nic an Bhaird ó Roinn Froebel, Ollscoil Mhá Nuad ag obair le cúig bliana anuas in éineacht leis an Ollamh Liam Mac Mathúna ar fhoinsí éagsúla a bhaineann le Dubhghlas de hÍde.  Tá Máire tar éis cainteanna a thabhairt ar fud an domhain, ó Mheiriceá go Prág, ar an ábhar seo. Thug sí léacht ar Dhubhghlas de hÍde in UCD mar chuid den tsraith ‘Ó Thrácht go Twitter’. Bhí idir mhic léinn agus léachtóirí i láthair ag an léacht.  Thug Máire léargas ar scríbhinní pearsanta Dhubhghlais de hÍde agus bhí sí ag díriú ar dhialanna, litreacha agus ar chártaí poist a bhaineann leis an gcéad Uachtarán. Bhí Críostóir Mac Cárthaigh mar chathaoirleach agus thug sé eolas don slua faoin togra dhigitithe atá ar bun ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann chun dialanna agus comhfhreagras de hÍde a chur ar fáil don phobal.